1,378 cás eile den víreas fógartha, seirbhís bia agus dí taobh istigh le tosú arís

Thug an Rialtas a mbeannacht inniu don tseirbhís bia agus dí taobh istigh i dtábhairní agus i mbialanna ón Luan seo chugainn

1,378 cás eile den víreas fógartha, seirbhís bia agus dí taobh istigh le tosú arís

D’fhógair an Roinn Sláinte inniu go bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an Covid-19 tolgtha ag 1,378 duine eile sa stát.

Tá 96 duine san ospidéal leis an aicíd, seachtar thar mar a bhí ansin inné. Tá 22 othar díobh sin in aonad dianchúraim.

Ó thuaidh den teorainn deimhníodh 1,973 cás den víreas inniu, Bhí 134 curtha san ospidéal ag Covid-19 inniu agus bhí ochtar acu sin in aonad dianchúraim. Fógraíodh chomh maith gur bhásaigh beirt a raibh an víreas tolgtha acu.

Dúirt Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, go bhfuil líon na gcásanna ag méadú idir 6% agus 7% in aghaidh an lae.

“Daoine idir 16-18 agus idir 19-24 is mó atá buailte faoi láthair. Tá sé ag scaipeadh sa gcuid is mó de na haoisghrúpaí eile chomh maith,” a dúirt Glynn.

Is mó cásanna a bhí i ngach contae le seacht lá ná sna seacht lá roimhe sin, a dúirt sé.

An ráta coicíse sa tír inniu 246 cás in aghaidh gach 100,000 duine. I nDún na nGall atá an ráta is airde ag 725, agus ina ndiaidh tá contae Lú ag 474, Baile Átha Cliath ag 307, Luimneach ag 258 agus Gaillimh ag 257.

Dúirt an Dr Glynn go mbeadh níos mó daoine á gcur san ospidéal leis an ngalar má leanann an scaipeadh rábach seo sa bpobal.

Údar misnigh amháin a bhí ag an Dr Glynn go bhfuil an vacsaín iomlán faighte “ag 65% de dhaoine fásta an stáit agus snáthaid amháin faighte ag 75%”.

Féadfaidh aon duine os cionn 18 bliain clárú don vacsaín anois.

Thug an Rialtas a mbeannacht inniu don tseirbhís bia agus dí taobh istigh i dtábhairní agus i mbialanna ón Luan seo chugainn, an 26 Iúil, do dhaoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu nó a bhfuil an Covid-19 curtha díobh acu.

Glacadh leis chomh maith go mbeadh cead ag daoine óga faoi ocht mbliana déag nach bhfuil an vacsaín faighte acu dul isteach má bhíonn siad i gcomhluadar daoine fásta vacsaínithe.

Shínigh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn an reachtaíocht a cheadaíonn na treoirlínte nua seo níos túisce inniu.

Faoi na treoirlínte nua ní chuirfear aon teorainn ama ar chustaiméirí agus 11.30pm an t-am dúnta a bheidh i bhfeidhm.

Cuirfidh an Rialtas aip ar fáil a chuirfeas ar chumas lucht gnó an fháilteachais Teastais Covid na gcustaiméirí a sheiceáil ag doras theach an ósta agus na bialainne.

Féadfaidh seisear suí i dteannta a chéile ag bord ach méadar a bheith idir na boird.

Idir an dá linn, d’iarr urlabhraí thar ceann Roinn an Taoisigh inniu ar dhaoine gan glaoch ar an líne chabhrach faoin Teastas Digiteach Covid mura bhfuil a gceist an-phráinneach agus rún acu taisteal as an tír seo as seo go ceann deich lá.

Rinneadh 40,000 glaoch ar an líne chabhrach le dhá lá. Ghlaoigh 34,000 ar an líne inné agus ní bhfuair ach 2,826 de na daoine sin freagra.

Bhí Liz Canavan, Ard-Rúnaí Cúnta Roinn an Taoisigh, os comhair Choiste Sláinte an Oireachtais inniu agus d’admhaigh sí go raibh “go leor daoine tamall fada ag fanacht ar an líne agus nach raibh an t-ionad comhairle in ann freastal ar an éileamh a bhí ar an líne chabhrach”.

Dúirt Canavan go raibh go leor daoine ag glaoch nach raibh ag dul thar sáile go gairid agus go raibh “na glaonna neamhphráinneacha seo ag cur go mór leis an moill agus iad ag cur bac ar go leor glaonna práinneacha”.

Dúirt an tArd-Rúnaí Cúnta go raibh daoine ag glaoch freisin ag iarraidh teastais le tástálacha PCR agus antaigine a dheimhniú cé go bhfuil an cúram curtha ar dhream eile ag an Rialtas.

“Táimid ag moladh do dhaoine gan glaoch ar an ionad glaonna mura bhfuil an cás práinneach agus turas á dhéanamh acu sna 10 lá seo romhainn. Níl de chúram ar an líne chabhrach seo ach teastais vacsaínithe agus teastais téarnaimh.”

Dúirt sí go raibh 55 duine ag freagairt na nglaonna. Ón lá amárach beidh 85 duine ag obair ar an líne chabhrach agus beidh 100 ann an tseachtain seo chugainn.

Bhí fainic ag Comhlachas Gníomhairí Taistil na hÉireann (ITAA) do dhaoine a bhfuil rún acu dul ar saoire go Málta. Daoine a chuaigh ansin ar saoire agus gan acu ach cártaí vacsaínithe na tíre seo b’éigean dóibh dul ar coraintín mar nach nglacfaidh na húdaráis i Málta ach le Teastas Digiteach an Aontais Eorpaigh. D’iarr Paul Hackett, Uachtarán an ITAA, ar thurasóirí rialacha agus treoirlínte na tíre ar a bhfuil a n-aghaidh a sheiceáil sula dtabharfaidh siad faoin turas agus na dintiúir is déanaí a dheimhniú lena ngníomhaire taistil.

Ceann de na fadhbanna atá ag daoine a bhfuil a n-ainm i nGaeilge nó a chláraigh i nGaeilge go bhfuil an Teastas Digiteach Covid a fuair siad míchruinn agus gan é ag teacht lena bpas oifigiuil bailí.

Ag Comhchoiste Sláinte an Oireachtais inniu, mhaígh Príomhoifigeach Eolais Sheirbhís Eolais an Rialtais, Barry Lowry, gur bhain cuid den fhadhb le heolas mícheart a bheith curtha isteach sa chóras ag dochtúirí ach go raibh fadhb eile ann a tharla nuair a bhí comhaid á n-ullmhú i gcomhair priontála.

Fág freagra ar '1,378 cás eile den víreas fógartha, seirbhís bia agus dí taobh istigh le tosú arís'