1,293 cás nua fógartha, 382 duine buailte ag an víreas sna hospidéil

1,259 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,293 cás nua fógartha, 382 duine buailte ag an víreas sna hospidéil

Tá 1,293 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

382 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 61 acusan in aonad dianchúraim.

Agus páistí ar fud na tíre ag filleadh ar an scoil an tseachtain seo, dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr. Tony Holohan, go raibh go leor ullmhúcháIn déanta chun a chinntiú go mbeifí in ann scoileanna a oscailt go sábháilte.

“Tá sé soiléir ónár gcuid sonraí nach foinse mhór scaipthe an víris iad na scoileanna go dtí seo,” a dúirt an Dr. Holohan.

D’iarr sé go gcuirfí comhairle ar pháistí a lámha a níochán go minic agus d’iarr sé ar thuismitheoirí gan páistí a chur ar scoil má bhí comharthaí an víris orthu.

1,259 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna fosta agus d’fhógair siad go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,358 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

Níl aon fhigiúirí nua curtha ar fáil maidir le líon na n-othar ó thuaidh de dheasca an lá saoire bainc ansin.

Údar mór imní an scaipeadh mór atá an Covid-19 a dhéanamh ar fud na hEorpa le coicís agus a laghad daoine ata á vacsaíniú i roinnt tíortha, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

Agus é ag caint leis na meáin, dúirt Stiúrthóir an WHO san Eoraip, an Dr Hans Kluge, “gur tháinig ardú 11% ar scaipeadh an víris san Eoraip le seachtain agus go bhféadfadh 236,000 Eorpach eile a bheith curtha den saol ag an Covid-19 faoin 1 Nollaig.”

Tá thart ar 1.3 milliún duine curtha den saol ag an víreas ó thús na paindéime san Eoraip.

Mhaígh Kluge gurb é an taisteal breise a bhí á dhéanamh agus na srianta a bheith maolaithe is cúis leis an ardú.

Tá leath de phobal na hEorpa vacsaínithe ach tá doicheall roimh an vacsaín i gceantair áirithe agus tá fadhbanna soláthair i dtíortha eile. Dúirt sé nach raibh ach 6% den phobal vacsaínithe sna tíortha is lú ioncam agus nach raibh an lucht leighis féin vacsaínithe i roinnt tíortha eile.

D’iarr an Dr Kluge ar thíortha na hEorpa a bhfuil farasbarr vacsaíní acu iad a roinnt le tíortha eile, go háirithe tíortha oirthear na hEorpa agus na hAfraice.

I ráiteas mhol an WHO agus UNICEF gur chóir tosaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus oibrithe scoile sa gclár vacsaínithe ionas go bhfanfadh scoileanna oscailte i mbliana.

Fág freagra ar '1,293 cás nua fógartha, 382 duine buailte ag an víreas sna hospidéil'