1,292 cás nua fógartha, 126 ráig ar fud an stáit le seachtain anuas

1,831 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ochtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,292 cás nua fógartha, 126 ráig ar fud an stáit le seachtain anuas

Tá 1,292 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

331 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 335 inné, agus bhí 54 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 56 a bhí i gceist inné.

De réir na tuarascála is déanaí ón Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte (HPSC), bhí 126 ráig nua den víreas sa stát an tseachtain seo caite. Tharla 12 acusan i scoileanna, 11 a bhí i mbunscoileanna agus bhí ráig in iar-bhunscoil amháin. Tharla 22 ráig eile in ionaid chúraim leanaí.

Dúirt an HSE inniu gur idir 10,000-12,000 gasúr atá ag fanacht sa bhaile ón scoil mar gheall go raibh gartheagmháil acu le duine a raibh Covid-19 air. Leasú a bhí i gceist ar an bhfigiúir 16,000 a tuairiscíodh le linn na seachtaine.

1,831 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ochtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,438 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

472 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (453 a bhí i gceist inné) agus tá 44 díobhsan in aonad dianchúraim (44 a bhí i gceist inné freisin). Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,294,896 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,184,987 duine.

Fág freagra ar '1,292 cás nua fógartha, 126 ráig ar fud an stáit le seachtain anuas'