1,207 cás nua den víreas fógartha, 69 duine in aonad dianchúraim

1,305 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,207 cás nua den víreas fógartha, 69 duine in aonad dianchúraim

Tá 1,207 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

355 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 343 inné, agus bhí 69 acusan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.

1,305 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,579 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

359 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, triúr níos lú ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Fág freagra ar '1,207 cás nua den víreas fógartha, 69 duine in aonad dianchúraim'