12 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 76 cás eile deimhnithe

2,084  duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,583 duine ó dheas den teorainn agus 501 ó thuaidh di

12 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 76 cás eile deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 12 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 76 cás eile den ghalar atá deimhnithe.

2,084  duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,583 duine ó dheas den teorainn agus 501 ó thuaidh di.

Cé go bhfuiltear sásta go bhfuil an galar á choinneáil faoi chois, tá rabhadh tugtha ag NPHET go bhféadfadh sé dul ó smacht arís ó tharla go meastar anois nach bhfuil an galar tolgtha go dtí seo ach ag 5% den phobal ar a mhéid.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh 18 cás nua den ghalar deimhnithe.

28,872 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,391 cás ó dheas den teorainn agus 4,481 cás ó thuaidh.

Inniu an séú lá as a chéile a fógraíodh níos lú ná 100 cás nua den ghalar ó dheas.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 989 den 1,583 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 62.5%. Bhain 862 de na cásanna sin, nó 54.5% acu, le tithe altranais. 463 braisle cásanna atá deimhnithe in ionaid chúraim, an líon céanna is a bhí deimhnithe inné.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh ráta scaipthe an ghalair anois go seasmhach ag 0.45-0.63.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan:

“Tá an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna gach lá agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim i gcónaí. Tá an ráta atáirgthe go maith faoi bhun a haon, agus an cúram atá orainn mar sin ná a chinntiú nach dtiocfaidh aon athrú ar ráta íseal scaipthe an ghalair.”

Dúirt an tOllamh Nolan, áfach, go raibh an baol i gcónaí ann go dtosódh an galar ag scaipeadh níos tréine arís, go háirithe ó tharla nach bhfuil an galar tolgtha ach ag fíorbheagán daoine. Dúirt sé gur dóigh go raibh an Covid-19 tolgtha ag 5% den phobal ar a mhéad agus go raibh seans maith ann go bhfuil an céatadán sin chomh híseal le 1%.

“Níl aon imdhíonacht amuigh ansin,” a dúirt sé.

D’fhéadfaí, á dúirt an tOllamh Nolan, an galar a choinneáil faoi chois dá gcloífí leis na beartais sláinte poiblí amhail an scoitheadh sóisialta.

52 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin, beirt níos mó ná mar a bhí iontu inné.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 501.

599 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 8 Bealtaine.

Fág freagra ar '12 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 76 cás eile deimhnithe'