11% de mhic léinn a fhágann an Ollscoil tar éis na chéad bhliana

Ba in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh a bhí na céatadáin is airde de dhaoine ag fágáil

Lecturer-770x385

11% de mhic léinn atá ag fágáil na hOllscoile tar éis na chéad bhliana ar an meán, de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan don bhliain acadúil 2012/13.

Ba in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh a bhí na céatadáin is airde de dhaoine ag fágáil. Sa dá Ollscoil sin ní dheachaigh 13% de mhic léinn ón gcéad bhliain ar aghaidh go dtí an dara bliain.

Ba i gColáiste na Tríonóide a bhí an céatadán is ísle de dhaoine ag fágáil; 7% de lucht na chéad bhliana a d’éirigh as a gcuid staidéir ansin. 10%, 11% agus 12% na céatadáin a bhí i gceist le haghaidh Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, BÁC, agus Ollscoil Chathair Átha Cliath faoi seach.