10,414 cás nua den víreas fógartha, 49 duine básaithe le seachtain anuas

739 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 85 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné

10,414 cás nua den víreas fógartha, 49 duine básaithe le seachtain anuas

5,605 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,809 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 49 duine a raibh an víreas orthu básaithe le seachtain anuas. 52 duine a bhásaigh an tseachtain roimhe sin.

6,136 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh sa stát ó thús na paindéime.

3,086 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 9,222 a bhí i gceist in Éirinn go dtí seo.

739 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 85 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 79 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh naonúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 4,383 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

395 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 22 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '10,414 cás nua den víreas fógartha, 49 duine básaithe le seachtain anuas'