10,000 duine ar iarraidh sa Libia i ndiaidh tuilte móra, ceantair iomlána faoi uisce

Dúirt ball den rialtas in oirthear na tíre, Hisham Chkiouat, go raibh sé trína chéile ag an méid a bhí feicthe aige agus go raibh Derna mar a bheadh sé buailte ag súnámaí

10,000 duine ar iarraidh sa Libia i ndiaidh tuilte móra, ceantair iomlána faoi uisce

Ceaptar go bhfuil na mílte marbh sa Libia ag na tuilte móra a d’fhág bailte sa tír sin faoi uisce.

Tuairiscítear gur bhásaigh 1,500 in Derna amháin, calafort in oirthear na tíre. Tá cuid mhór de Derna, mar a bhfuil 100,000 duine ina gcónaí, faoi uisce ó thit dhá dhamba agus ceithre dhroichead ann.

 Dúirt ball den rialtas in oirthear na tíre, Hisham Chkiouat, leis an BBC go raibh sé trína chéile ag an méid a bhí feicthe aige agus go raibh Derna mar a bheadh sé buailte ag súnámaí.

Tá timpeall 10,000 duine ar iarraidh sa Libia i ndiaidh na dtuilte a thug Stoirm Daniel léi, a deir Cónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.

Tá bóithre agus bailte scriosta sa Libia ag na tuilte agus an sciorradh láibe a tharla de dheasca na díle báistí.

 Ar na cathracha eile is measa a bhuail an stoirm Dé Domhnaigh, tá Benghazi, Soussa agus Al-Marj.

“Tá líon na marbh an-ard go deo agus d’fhéadfadh na mílte a bheith i gceist faoi dheireadh,” a dúirt Tamer Ramadan ón eagraíocht chabhrach.

Dheimhnigh sé go raibh 10,000 duine ar iarraidh “go dtí seo”.

Tá an ceathrú cuid de Derna faoi uisce agus ceantair iomlána scuabtha ar shiúl sna tuilte.

Fág freagra ar '10,000 duine ar iarraidh sa Libia i ndiaidh tuilte móra, ceantair iomlána faoi uisce'