10 Rún faisin agus stíle na hAthbhliana

Tá ár gcomhfhreagraí thar cionn ag déanamh rúin athbhliana agus níos fearr fós á mbriseadh

10 Rún faisin agus stíle na hAthbhliana

Beannachtaí na hathbhliana oraibh ar fad. Seo an tráth le nósanna agus cleachtais nua a thosú don bhliain atá romhainn amach ach, mar is eol don saol mór, is fusa iad a dhéanamh ná iad a chur i bhfeidhm. Seans gur cheart dom féin tosú le liosta na bliana anuraidh agus na cinn nár éirigh liom a dhéanamh a chur ar bharr an liosta arís i mbliana. Ach tá diongbháilteacht agus dúthracht ar leith ag baint le mo chuid rún i mbliana agus é ar intinn agam cloí go cinnte leo… ar feadh tamaill, ar aon nós!

Seo chugaibh, mar sin, mo dheich gcinn de rúin faisin agus áilleachta do 2017

1. An glanadh dúbailte

Seo córas a bhfuil cuid mhaith cainte faoi le tamall anuas agus a bhaineann le glanadh ceart a dhéanamh ar an éadan gach oíche le smideadh agus salachar an lae a ruaigeadh.  Tá táirgí ar leith ar an margadh, ina measc, ‘Erase & Renew’ le Pestle & Mortar agus ‘Double Cleanse’ leis an saineolaí cúram cnis Caroline Hirons, ach is cuma táirgí costasacha ann nó as, is é an cinneadh an glanadh dúbailte a dhéanamh an rún is tábhachtaí ar fad.

2. Bí dána

Bhí seo i gceist agam i dtús na bliana anuraidh freisin – a bheith dána le cumhráin dhifriúla, béaldathanna nua agus oiriúintí nár thriail mé roimhe seo.  Bíonn muid ar fad róchoiméadach go minic agus tá sé thar am dul sa seans agus táirgí nua a úsáid.

3. Compord mar thús

Tuigeann muid ar fad nuair a bhíonn éadach míchompordach orainn.  Is cuma an bhfuil an saol agus a mháthair ag rá liom go mbreathnaíonn rud éigin “iontach” orm, mura bhfuil sé compordach, ní fiú an tairbhe an trioblóid. Agus ní gá go dtaitneodh ár gcuid feistis le chuile dhuine eile – fad is go dtaitníonn sé leat féin agus go bhfuil tú compordach, ná bac leo! 

4. Deireadh le moilleadóireacht

Deir an seanfhocal gur “deartháir den tsiléig is ea an leisce”. Tá sé thar am agam féin agus go leor eile, déarfainn, glantachán earraigh a dhéanamh ar an vardrús agus fáil réidh leis an bhfeisteas nach bhfuil aon ghnó againn dó a thuilleadh. Agus ní gá fanacht go hearrach le glantachán earraigh a dhéanamh…tosaímis go luath, amárach, b’fhéidir!

5. Tuilleadh codlata a fháil

Ní gan chúis a cheanglaítear codladh agus áilleacht le chéile – tugtar ‘beauty sleep’ air i mBéarla (“codladh do mhaitheasa” nó “codladh faoi bhrat uaine” ag na foclóirí) agus is cinnte go ndéanann sé maitheas ár gcroí dúinn. Is beag duine againn a bhfuil sé d’ádh orainn fanacht sa leaba breá deireanach ar maidin ach tá leigheas simplí air, chun breis codlata a fháil – tabhair aghaidh ar do leaba níos túisce!

6. Sála arda

Taitníonn sála arda go mór liom agus caithim minic go maith iad. An deacracht is mó a bhíonn agam leo ná go bhfaigheann mo chosa tuirseach díobh agus tuigim gur easpa cleachta is cúis leis sin. Tá leigheas simplí ar an scéal sin – cleachtadh a dhéanamh go minic ar na sála arda sin a chaitheamh agus de réir a chéile ní bheidh pian ná stró i gceist. Agus bhéarfaidh sin leithscéal maith le tuilleadh sála arda áille a cheannach.  

7. Tuilleadh uisce

Seanphort agam é gur cheart dúinn ar fad ar a laghad dhá lítear uisce a ól in aghaidh an lae. Tá sé thar cionn don chraiceann agus don cholainn ar fad. Ní gá gur buidéil chostasacha ó bhrandaí mór le rá a bheadh i gceist ach neart fíoruisce ón sconna is gaire duit fad is gur ó fhoinse ghlan é. 

8. Laghdú ar an triomadóir gruaige

Is cinnte gur mó dochar ná maitheas a dhéanann sé don ghruaig a bheith á triomú i gcónaí le teas an-mhór ó thriomadóir gruaige. Dhéanfadh sé leas na gruaige í a thriomú go nádúrtha in amanna nó, ar a laghad, an teocht sa triomadóir a laghdú anois is arís.

9. Fiacla geala

Má tá an iomarca caife nó den fhíon dearg ólta agat agus cuid den ghlaine agus den ghile imithe de na fiacla, tá iliomad deis ar fáil anois le hiad a fhágáil geal, lonrach arís.  Níl aon leithscéal ann d’fhiacla buí agus tabharfar suntas arís don mheangadh gáire sin ort.

10. Aclaíocht bhreise

Deirtear go ndéanann spórtlanna an domhain mhóir saibhreas as na daoine sin a cheannaíonn ballraíocht mar rún don athbhliain ach nach mbaineann aon leas as tar éis seachtain nó dhó. Níl amhras ar bith ach go dteastaíonn tuilleadh aclaíochta ón chuid is mó dínn ach ní hionann sin agus airgead a chaitheamh. Tá cuid den aclaíocht is fearr ar fáil saor in aisce. Tosaímis ag siúl – fág uait an carr go rialta agus bain síneadh as na cosa.

Agus bain sásamh as an mbliain nua!

Fág freagra ar '10 Rún faisin agus stíle na hAthbhliana'