Uirlis aistriúcháin Ghaeilge ar an Samsung Galaxy Note nua

Beidh an fón is nua ó Samsung ar fáil an mhí seo chugainn agus uirlis air a aistreoidh suíomhanna idirlín, téacsanna agus ríomhphoist ó theangacha eile go Gaeilge

Uirlis aistriúcháin Ghaeilge ar an Samsung Galaxy Note nua

Tá uirlis nua ar an bhfón is nua ó Samsung, an Galaxy Note 7, a ligfidh don úsáideoir suíomhanna idirlín a aistriú ó Ghaeilge go teanga eile nó ó theanga eile go Gaeilge.

Beidh an fón nua, an ceann is fearr atá déanta ag Samsung fós, ar fáil ón dara lá de mhí Mheán Fómhair agus is é seo an chéad fhón ón gcomhlacht sin a mbeidh stíleas leis. Is leis an stíleas sin, an S Pen Stylus, a bheidh ar do chumas an téacs atá ar shuíomh idirlín, ar théacs nó ar ríomhphost a roghnú agus a aistriú.

Ba é Samsung an chéad chomhlacht a thug fón a raibh comhéadan Gaeilge air amach, sa bhliain 2008, nuair a eisíodh an Samsung Tocco. Tá cáil ar an gcomhlacht i measc Gaeilgeoirí ó shin mar chomhlacht a thugann aird ar leith ar riachtanais phobal na Gaeilge.

Thug urlabhraí de chuid Samsung le fios do Tuairisc.ie inné go bhfuil an Ghaeilge i measc na dteangacha is féidir a úsáid leis an stíleas nua.

“It fully supports the Irish language, so if you need to translate from one language into Irish or vice versa, simply select the word with the S Pen and choose translate. It even provides an audio translation of the word,” a dúirt an t-urlabhraí.

Baintear úsáid as teicneolaíocht aistriúcháin a d’fhorbair Samsung féin chomh maith le hinnill uathoibríocha aistriúcháin eile chun an uirlis a chur ar fáil.

Ní fios go fóill cé chomh cruinn is a bheidh na leaganacha Gaeilge a chuirfidh an Galaxy Note ar fáil, ná go deimhin, cén caighdeán a bheidh ar na haistriúcháin fuaime.

Is minic a cháintear comhlachtaí a bhaineann úsáid as innill uathoibríocha aistriúcháin le leaganacha Gaeilge de cháipéisí a sholáthar agus is beag sintéiseoir glóir atá in ann aithris a dhéanamh ar chruinnfhoghraíocht na teanga.

Fág freagra ar 'Uirlis aistriúcháin Ghaeilge ar an Samsung Galaxy Note nua'