Twitter i nGaeilge curtha ar fáil ‘trí thimpiste’

Tá leagan Gaeilge den suíomh sóisialta Twitter ar fáil den chéad uair - ach trí thimpiste a seoladh é an tseachtain seo

Screen Shot 2015-04-21 at 17.24.38
Cuntas Twitter Tuairisc.ie as Gaeilge

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil leagan beta Gaeilge den suíomh sóisialta Twitter sceite trí thimpiste ag an gcomhlacht. Bhíothas ag obair ar an leagan Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas ach ag tús na seachtaine thug Gaelphobal Twitter faoi deara go raibh an suíomh ar fáil i nGaeilge den chéad uair riamh.

Cuireadh tús leis an tionscnamh mar thogra slua-aistrithe, mar a rinneadh le Facebook, ach ar deireadh ní raibh ach foireann bheag d’aistritheoirí ag obair ar an togra, mar a bhí i gcás Gmail.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh an leagan beta sin le cur ar fáil do úsáideoirí Ionad Aistriúcháin Twitter (TTC) an tseachtain seo ach go ndearnadh botún agus gur cuireadh ar fáil don phobal i gcoitinne é.

Le teacht ar an leagan Gaeilge, níl le déanamh ach ‘settings’ a roghnú agus ‘Gaeilge (beta)’ faoin lipéad ‘teanga’ a roghnú.

Cé go raibh Twitter ag iarraidh an leagan beta a tharraingt siar, moladh dóibh gan é sin a dhéanamh mar gheall ar líon na ndaoine a bheadh ag iarraidh an leagan Gaeilge a úsáid ó sceitheadh é.

Cé go bhfuil an leagan deisce anois ar fáil i nGaeilge, tá amhras ar dhuine de na haistritheoirí, Eoin P. Ó Murchú, go gcuirfear Gaeilge ar an leagan aipe, atá ar fáil ar nach mór gach guthán cliste agus taibléad.