‘Tugadh rogha dom an scrúdú a dhéanamh as Béarla ar an lá nó fanacht ar dháta eile – ag fanacht atá mé fós’

Deir RSA le Tuairisc.ie go mbíonn ‘an fanacht céanna, nach mór, ar iarrthóirí ar mhaith leo an scrúdú a dhéanamh i mBéarla’

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Tá iarrthóir amháin ag fanacht le hos cionn naoi seachtaine ar an scrúdú tiomána a dhéanamh i nGaeilge cé go ndeir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre gur ag fanacht le ceithre seachtaine atá an duine a bhfuil an tréimhse is faide caite ar an liosta feithimh aige.

Tá triúr scrúdaitheoirí fostaithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) atá in ann scrúdú as Gaeilge a chur ar iarrthóirí ar cheadúnas tiomána.

Faoi láthair tá dáréag ag fanacht ar scrúdú tiomána as Gaeilge agus thug an RSA le fios do Tuairisc.ie gur ag fanacht le ceithre seachtaine atá an duine a bhfuil an tréimhse is faide caite ar an liosta feithimh sin aige.

Dúradh gurb iondúil go mbíonn fanacht ocht go deich seachtaine ar iarrthóirí atá tar éis cur isteach ar an scrúdú a dhéanamh as Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón RSA le Tuairisc.ie go bhfuil “tábhachtach a lua go mbíonn an fanacht céanna, nach mór, ar iarrthóirí ar mhaith leo an scrúdú a dhéanamh as Béarla”.

Labhair Tuairisc.ie le hiarrthóir Gaeilge amháin in oirthear na tíre, nár mhaith leis go luafaí a ainm, a deir go bhfuil sé ag fanacht le naoi seachtaine anuas agus gan tuairim aige cén uair a thabharfar dáta scrúdaithe dó.

“Chuir mé isteach ar an scrúdú i lár mhí Eanáir agus tugadh dáta scrúdaithe dom do dheireadh mhí Feabhra, ceithre seachtaine nó mar sin i ndiaidh dom cur isteach air. Chuaigh mé chuig an ionad scrúdaithe ar an lá a luadh liom áfach agus dúradh liom nach bhféadfadh an scrúdaitheoir a bheith i láthair an lá sin.

“Tugadh an rogha dom an scrúdú a dhéanamh trí Bhéarla nó fanacht ar dháta eile. Bheartaigh mé dáta eile a roghnú, is mé ag ceapadh go mbeadh mí eile nó mar sin le fanacht agam. Ach ag fanacht atá mé fós, cé go raibh mé i dteagmháil leo ó shin faoi thrí,” a dúirt an t-iarrthóir le Tuairisc.ie.

Mhínigh sé go raibh imní air go ngabhfadh a chead foghlama agus a chuid árachais araon in éag sula mbeadh an scrúdú tiomána déanta aige.

Bhí sé buartha freisin go mbeadh air cur isteach ar chead nua agus “airgead mór” a íoc arís leis an gcomhlacht árachais toisc gan an ceadúnas lán a bheith aige go fóill.

Tuairiscíodh roinnt blianta ó shin go mbíonn fanacht i bhfad níos faide ar iarrthóirí a bhfuil fonn orthu scrúdú tiomána a dhéanamh as Gaeilge. Dúradh an uair sin nach raibh ach triúr scrúdaitheoirí le Gaeilge ann, an líon céanna atá fostaithe ag an RSA i gcónaí.

Fág freagra ar '‘Tugadh rogha dom an scrúdú a dhéanamh as Béarla ar an lá nó fanacht ar dháta eile – ag fanacht atá mé fós’'

  • Críostóir

    Rinne mé an scrúdú faoi dhó. Ba in 2011 é, am a raibh liosta feithimh an-fhada ann. An chéad uair fuair mé cuireadh é a dhéanamh dhá sheachtain i ndiaidh dom an t-iarratas a sheoladh isteach. Theip orm, dár ndóigh, mar go raibh mé ag súil le tréimhse níos faide go mbeadh cuireadh agam. An darna uair, bhí orm fanacht sé mhí chun an scrúdú a dhéanamh. Ba é an scrúdaitheoir céanna a bhí ann. Chuir mé ceist air mar gheall ar an dtréimhse fanachta is mhínigh sé dom nach ndearna siad scrúdaithe i nGaeilge ach amháin dhá mhí sa bhliain- Aibreán agus Samhain. Agus eisean a bhí seolta chuig na bailte ar fad san oirthear chun iad a dhéanamh.

  • Cormac Ó hAlmhain

    Rinne mise iarratas ar an scrúdú a dhéanamh as Gaeilge i nGaillimh i bhFeabhra na bliana seo. D’fhan mé thart ar 4 seachtaine nuair a fuair mé ríomhphost uathu faoin dáta a bhí tugtha acu dom. Bhí chuile rud ceart go leor go dtí gur bhfuair mé ríomhphost an lá dár gcionn. Dúirt an ríomhphost sin go raibh an dáta curtha in áirithe dom ach go raibh an scrúdú chun a bheith as Béarla. Dúirt an ríomhphost céanna go bhféadfainn an dáta sin a thógáil (14ú Márta) nó fanacht go dtí mí Bealtaine chun an scrúdú a dhéanamh trí Ghaeilge. Chuir sé seo an-iontas orm mar chuir mé ríomhphost acu chun a rá leo nach mbeinn in ann é a dhéanamh ach tar éis a 3 agus chuireadar ceann ar ais ag rá go raibh sé sin ceart go leor agus ag fiafraí an raibh mé cinnte go raibh mé dá iarradh é a dhéanamh trí Ghaeilge. Dhearbhaigh mé leo go raibh. Ar deireadh chuir mé glaoch orthu agus d’iarr mé dóibh cén fhadhb a bhí leis. Dúradar liom nach bhfuil ach scrúdaitheoir amháin san ionad í nGaillimh a bhí in ann an scrúdú a chur trí Ghaeilge agus nach go raibh orthu eisean a thabhairt anuas as Maigh Eo. Ní raibh seisean ar fáil go dtí mí Bealtaine. Ní raibh mise sásta leis seo ach freisin ní raibh mé sásta fánach beagnach 5 mhí chun mo scrúdú a dhéanamh mar sin rinne mé as Béarla é. Is é an dea-scéal atá leis an scéal seo uile na gur phasáil mé an scrúdú ach gur seafóid é nach féidir leo duine amháin le Gaeilge a fháil i nGaillimh. Cathair dhátheangach? Níl a fhios agam faoi sin.

  • padraig

    An t-iománaí maith thú nó an t-iománaí ar an gclaí thú?

  • alan

    á cheap tú i gcéadóir gur ag na Merries a bhí tú, chuir tú an croí trasna sa bhfear bocht agus nuair a chonaic sé faoina dhéin thú an athuair thug sé na cosa leis tur te, ní raibh sa rud eile ach leithscéal…..tiomáintear ar an dtaobh clé in Éirinn bíodh a fhios agat

  • padraig

    Bhí tú ag tiomáint leat chomh MALLle seilmide agus bhí scuad id dhiaidh aniar, gach aon bhíp bíp aici agus tine chreasa ag teacht ón mbonnán aici ag iarraidh ort tarraingt isteach. Stop tú an carr tar éis faid gach nfhaid.
    “An bhfaca tú SINNE laistiar díot agus cén fáth nár tharraing tú isteach”? arsa an póilíos agus fiúnach air.
    “Bhí mo dhóthain cúirim orm ag féachaint romham amach”, arsa tusa, “gan a bheith ag iarraidh féachaint ortsa im dhiaidh aniar!”

  • padraig

    Cuireadh soilse tráchta nua suas ag an gcrosbhóthar faoin tuath.Chomáin tú leat tríd an solas dearg amhail nach raibh sé in aon chor ann. Ach bhí Garda romhat ar an mbóthar. Stop tú an carr.
    “An bhfaca tú na soilse tráchta”? ar sé go mórchúiseach.
    “Chonac a Gharda, a mhic mo chroí,” arsa tusa…………aren’t they lovellly!”