Tuairisceoireacht i bhfoirm cheoil. An féidir?

Tarraingíonn albam nua PJ Harvey ceisteanna míchompordacha anuas, ach ní thugann aon fhreagraí

PJ Harvey

Le scéal pearsanta a thosaíonn an léirmheas seo, nach léirmheas é i ngnáthchiall an fhocail, ach iarracht dul i ngleic leis na ceisteanna a spreagann an t-albam is nua ón gceoltóir Sasanach PJ Harvey, The Hope Six Demolition Project.

Sa bhliain 2004 bhí mé i Meiriceá ag cur tuairiscí abhaile do Foinse faoi thoghchán uachtaránachta na bliana sin ina raibh an bua ag George W. Bush ar John Kerry. Chaith mé lá an toghcháin féin in Washington DC. Agus fonn orm léargas éagsúil a fháil ar mhórscéal an lae thrasnaigh mé an abhainn agus thug aghaidh ar Anacostia, ceantar faoi mhíbhuntáiste inar daoine gorma iad formhór mór an phobail. 

Tharla go raibh t-léine á caitheamh agam an lá sin a raibh aghaidh PJ Harvey clóite uirthi. Ní raibh mé ach tar éis teacht amach as stáisiún meitreo Anacostia nuair a dhruid bean mhór ghorm liom. Phrioc sí a corrmhéar isteach sa ghrianghraf ar mo chliabhrach agus dúirt: ‘That’s a pretty girl… For a white girl.’

‘That’s PJ Harvey,’ a dúirt mise, gan a fhios agam céard eile a déarfainn.

‘Never heard of her,’ a d’fhreagair an bhean.

Album SleeveDhá bhliain déag níos déanaí, tá cloiste ag madraí na sráide in Anacostia faoi PJ Harvey. Spreag an t-amhrán The Community of Hope, ina gcuireann Harvey síos ar Anacostia agus ar an mórcheantar máguaird mar ‘okay, now this is just drug town, just zombies, but that’s just life’ oiread conspóide go ndúirt iar-mhéara Washington Vincent V. Gray: ‘PJ Harvey is to music what Piers Morgan is to cable news’.

Is léir nár thuig Gray, ná roinnt mhaith daoine eile, gur aoir a bhí i gceist – aithris ar fhocail iriseora de chuid The Washington Post atá san amhrán. Más fianaise ar bith é an físeán seo, thuig muintir Anacostia féin an méid sin. 

Tar éis na cuairte ar gheiteo Washington léimeann The Hope Six Demolition Project ar aghaidh go dtí an Afganastáin, agus ón tír sin go dtí an Chosaiv, ar ais arís go Washington, agus mar sin de. Thug Harvey cuairt ar na háiteanna seo i gcuideachta an ghrianghrafadóra cogaidh Seamus Murphy agus is léir tionchar cheird Murphy ar scríbhneoireacht Harvey: ‘grianghraif chanta’ iad na hamhráin ar an albam seo. Castar íomhánna láidre físiúla orainn, ceann i ndiaidh a chéile: ‘a bouncing skull’, ‘human hair, a kitchen knife’, ‘children balancing sticks in human shit’ agus ‘a displaced family eating up a horse’s hoof, ho, ho, ho, a horse’s hoof”. 

Gan dabht, ní albam é seo atá bog ar an ngoile. Tá sé éasca ar an gcluas, áfach, agus sin an áit a bhfuil a chumhacht. Agus duine ag éisteacht leis an albam seo, i ngan fhios dó féin go minic, beidh a lámh nó a chos á bualadh go meidhreach leis an gceol aige, fad is a bhíonn Harvey ag cuachaireacht ina chluas faoi shléacht agus ár, nó go deimhin faoin teaghlach úd lena gcrúb capaill

‘Tuairisceoireacht i bhfoirm cheoil’ is ea coincheap an albaim seo agus más é an cuspóir a bhí ag Harvey an t-éisteoir a chur ag smaoineamh faoin saol ina mairimid, seans gur fearr a éiríonn léi ná mar a éiríonn leis an ngnáth-thuairisceoir sa lá atá inniu ann.

Feicimid sléacht agus ár chuile mhaidin nuair a bhreathnaímid ar an nuacht. Feicimid íomhánna uafáis ar an scáileán ach tá oiread taithí againn orthu faoin am seo go ndúnaimid ár n-aigne ina gcoinne go huathoibríoch. Ach ní féidir le duine neamhaird a dhéanamh den saol ina mairimid nuair a bhíonn abairt ar nós ‘I saw a displaced family eating a cold horse’s hoof, ho, ho, ho, a horse’s hoof’ á chasadh in ard a chinn aige, ina ainneoin féin, arís is arís eile, ar feadh an lae. Fanann foinn Harvey le duine mar a bheadh rainn pháistí iontu. 

Ach má éiríonn le Harvey aird an éisteora a tharraingt ar mhórcheisteanna an lae, is iomaí ceist mhíchompordach a spreagann an t-albam féin. Cé hí PJ Harvey, ‘a pretty girl… for a white girl’, le scéal phobal gorm Anacostia a insint? Ná, go deimhin, scéal sheanmhná i mbaile tuaithe sa Chosaiv, nó scéal bhuachaill sráide i gcathair Kabul?

Is iomaí léirmheastóir a fuair locht ar an ochtú traic ar an albam, Medicinals, a chríochnaíonn mar seo:

But do you see that woman

Sitting in the wheelchair

With her Redskins cap on backwards

What is she singing

It’s from inside a paper wrapper

She sips from a bottle

A new painkiller for the native people.

Ach an oiread le go leor éisteoirí eile fuair mé seanbhlas ar an íomhá seo ar dtús, gan trácht ar mhíchompord ionadach: nach bhfuil náire ar bith ar Harvey, Sasanach, léargas mar seo a thabhairt ar bhean bhundúchasach – bean a ndearna sinsir Harvey slad ar a pobal? Ach tharla, agus mé ag éisteacht leis an amhrán seo agus mé amuigh ag siúl, gur bheag nár sheas mé ar fhear sráide a bhí ina luí romham ar an gcosán, caochta ag an ól. Ní in Washington a bhí mé ach in Salvador, sa Bhrasaíl – ach d’fhéadfainn a bheith ar Dhroichead Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath chomh maith céanna: a new painkiller for the native people, is iomaí pobal ar fud na cruinne a bhfuil cleachtadh acu ar a leithéid.

Bíodh seanbhlas ar an íomhá san amhrán seo, agus bíodh steiréitíopáil ar bhonn cine i gceist, oibríonn sé. Ar an drochuair, ní féidir a shéanadh go bhfuil fírinne uilíoch ag baint leis an léargas a thugtar ann. 

An cuma cá as don té a thugann an léargas? I gcás Harvey, agus an cheist seo á meas againn, ní mór tagairt dá halbam deireanach Let England Shake, ar a ndeachaigh sí i ngleic le stair fhoréigneach a tíre dúchais féin. D’fhéadfaí a mhaíomh gur thuill Harvey cead cainte leis an léargas géar a thug sí ar a tír féin ar an albam sin.

Fiú murach sin, feictear dom go bhfuil cead ag gach duine beo a rogha léargas a thabhairt ar a rogha áit ar chlár na cruinne: is linn ar fad an domhan. Ní mór cuimhneamh, áfach, go bhfeiceann gach duine againn an domhan trína fhráma tagartha féin, agus tharlódh nach mbíonn sé ar a chompord faoi chúrsaí áirithe mar gheall ar an bhfráma tagartha sin.

Is léir tríd an albam seo ar fad go dtuigeann PJ Harvey go rímhaith gur ‘a pretty girl… for a white girl’ atá inti, í ag tabhairt léargais ar olc agus éagóir a bhfuil pretty white girls agus pretty white boys ciontach astu.

An mhíchompord a chloíonn le craiceann an éisteora mar a bheadh brat bréan allais ann, is léir gur mhothaigh Harvey féin go géar é. San amhrán deireanach ar an albam, Dollar, Dollar, castar buachaill sráide ar Harvey agus í féin agus a comrádaí ina suí i gcarr i gcathair Kabul.

I turn to you to ask

Is there something we can offer?

Three lines of traffic pass.

We pull away so fast

All my words get swallowed.

Is ea, ní gá taisteal an bealach ar fad go cathair Kabul le bochtanas a fheiceáil. Ach, dála na mná bundúchasaí lena painkiller nua, íomhá uilíoch atá sa bhuachaill a bhéiceann ‘Dollar! Dollar!’ leis na turasóirí, íomhá nach bhfuilimidne, pretty white girls agus pretty white boys na cruinne, ar ár gcompord faoi toisc go bhfuilimidne ar fad ciontach as olc agus éagóir an domhain go pointe.

Is there something we can offer?

Is iomaí ceist mhíchompordach a tharraingíonn PJ Harvey anuas ar The Hope Six Demolition Project, ach ní thugann sí aon fhreagraí.