I ❤ NY agus an Ghaeilge – craobh nua de Chonradh na Gaeilge bunaithe in Manhattan

Tá craobh nua de Chonradh na Gaeilge bunaithe in Manhattan i Nua-Eabhrac agus súil ag lucht a bunaithe deiseanna sóisialta a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge

I ❤ NY agus an Ghaeilge – craobh nua de Chonradh na Gaeilge bunaithe in Manhattan

Seoladh le deireanas craobh nua de Chonradh na Gaeilge i Manhattan i Nua-Eabhrac agus súil ag lucht a bunaithe deiseanna sóisialta a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa chathair sin.

‘Craobh Mhíchíl Uí Locháin’ atá baiste ag muintir Manhattan ar an gcraobh nua, in ómós duine de mhór-Ghaeil Mheiriceá sa 19ú hAois. Gaillimheach a bhí in Ó Locháin a chuaigh ar imirce go Meiriceá i lár an 19ú hAois agus a chuir an irisleabhar An Gaodhal ar bun ann.

Dúirt Niall O’Leary, duine de bhunaitheoirí na craoibhe nua, le Tuairisc.ie gur spreag Craobh Thomáis agus Chaitlín Uí Chléirigh, a bhunaigh Dáithí Mac Lochlainn in Brooklyn cúpla bliain ó shin, lucht na craoibhe nua lena gcraobh féin a chur ar bun.

“Ní raibh craobh in Manhattan agus spreag Daithí Mac Lochlainn agus an chraobh a bhunaigh sé in Brooklyn muid. D’éirigh chomh maith sin leis an Pop-Up Gaeltacht a d’eagraigh Fran Mulraney agus Siobhán Ní Chíobháin gur spreag sé muid le craobh a bhunú chun tuilleadh deiseanna sóisialta a chur ar fáil don slua mór Gaeilgeoirí a d’fhreastail ar na himeachtaí sin.

“Theastaigh uainn suim a chothú sa Ghaeilge, deiseanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh lasmuigh. Fáiltíonn muid roimh gach éinne, idir thosaitheoirí agus chainteoirí líofa agus tá sé mar aidhm againn atmaisféar compordach neamhfhoirmiúil a chruthú, áit nach mbeidh eagla ar éinne botúin ghramadaí a dhéanamh,” a dúirt O’Leary.

Chomh maith le deiseanna sóisialta a chruthú do chainteoirí Gaeilge atá sa chathair cheana féin, ba mhaith le lucht Chraobh Mhíchíl Uí Locháin “líon na gcainteoirí Gaeilge in Manhattan a mhéadú” agus “suim sa teanga agus sa chultúr a mhúscailt agus a chothú” i measc an phobail ann.

Thug ball den chraobh le fios do Tuairisc.ie go mbíonn “neart imeachtaí Gaeilge” ar siúl sa chathair cheana féin agus gur ag tógáil ar an mbunphobal sin a bheidh an chraobh nua.

“Buaileann an club leabhar le chéile go rialta chun leabhair Ghaeilge a phlé. Bhí cúpla scannán Gaeilge á léiriú in Manhattan mar chuid den fhéile scannánaíochta, Irish Screen America, cúpla seachtain ó shin. Chuaigh mé féin agus grúpa mac léinn fochéime atá ag tabhairt faoin gcúrsaí scannánaíochta Gaeilge atá á mhúineadh agam i gColáiste Lehman ann.

“I mbliana iarradh orm dhá chúrsa fochéime a mhúineadh mar go raibh an oiread sin daoine ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar scannáin Ghaeilge. Tá mé ag múineadh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí litríochta Gaeilge tríú leibhéal i Nua-Eabhrac le sé bliana anuas,”  a dúirt Caoimhe Nic Giollarnáith.

Tá sé i gceist ag lucht an Chonartha in Manhattan ‘Lá Gaeilge’ a reáchtáil ar bhonn bliantúil sa chathair.

“Spreagfar gach éinne ar fud na cathrach a gcuid Gaeilge a úsáid ar an lá sin. Thar rud ar bith eile is mian linn a chruthú go bhfuil áit ann don teanga agus don chultúr ársa i gcathair fhaiseanta, chomhaimseartha, idirnáisiúnta cosúil le Nua-Eabhrac,” a dúirt Niall O’Leary.

Is rinceoir Gaelach a bhfuil duaiseanna idirnáisiúnta buaite aige é O’Leary, as Baile Átha Cliath ó dhúchas. Ba é a bheartaigh é a bhunú le cúnamh ó Nic Giollarnáith, atá ina léachtóir le Gaeilge, Fran Mulraney agus Siobhán Ní Chíobháin, a thug an Pop Up Gaeltacht thar sáile den chéad uair mí na Nollag seo caite, Oisín Lambe, uachtarán Chumann Gael-Mheiriceánach an Bharra, Maeve Cooper, mac léinn i Nua-Eabhrac, agus Déaglan Ó Dubhda, aturnae i Nua-Eabhrac.

Idir an dá linn, beidh an chéad Phop Up Gaeltacht eile ar siúl i Nua-Eabhrac san oíche amárach sa William Barnacle Tavern ar St Mark’s Place sa chathair.

Fág freagra ar 'I ❤ NY agus an Ghaeilge – craobh nua de Chonradh na Gaeilge bunaithe in Manhattan'