SRAITH PICTIÚR: Teip sa Scrúdú Tiomána

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá a bheadh idir tú féin agus Garda tar éis timpiste a fheiceáil.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Cuir iontas agus eagla in iúl, déan cáineadh agus abair cé air a bhí an locht, tabhair cur síos ar an timpiste, abair céard a tharlóidh amach anseo.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Teip sa Scrúdú Tiomána

(Téacs an fhíseáin)

1) D’éirigh Seán le breacadh an lae leis an scrúdú tiomána a dhéanamh.
Measaim go raibh obair na gcapall déanta aige le cúpla seachtain.
Tá cuma an-neirbhíseach ar Sheán.
Pháirceáil sé a charr in aice an ionaid.
Breathnaíonn sé chomh glan le scilling.
Ghuigh a athair gach rath air.

2) Tháinig an scrúdaitheoir. Breathnaíonn sé an-dáiríre.
Chuir sé cúpla ceist ar Sheán faoi rialacha an bhóthair.
D’fhreagair sé iad gan dua.
Dúirt sé le Seán gluaiseacht ar aghaidh.
Tháinig crith cos agus lámh ar Sheán bocht, measaim.

3) Go gairid ina dhiaidh sin, bhí siad ar phríomhshráid an bhaile.
Chonaic Seán a chairde, Liam agus Máire, ar thaobh na sráide.
Bheannaigh siad dá chéile go croíúil.
Thug Seán neamhaird ar an mbóthar.
Ní mó ná sásta a bhí an scrúdaitheoir.

4) I bpreabadh na súl bhí carr eile buailte aige.
Baineadh geit as Seán agus an scrúdaitheoir.
Ní raibh a fhios ag an tiománaí eile céard a bhí tarlaithe.
Tá cuma an-bhuartha ar na daoine ar thaobh na sráide.
Ní dóigh liom go ndearna Seán mórán damáiste don charr eile.

5) Bhí fearg an domhain ar an tiománaí eile.
Bhí an scrúdaitheoir náirithe os comhair an tsaoil.
Rinne sé iarracht an scéal a mhíniú don Gharda.
Ní dóigh liom go raibh mórán spéise ag an nGarda.
Ní dóigh liom, mar sin, go raibh an timpiste an-dona.

6) Tar éis na timpiste chuaigh siad ar ais chuig an ionad tástála.
Bhí an scrúdaitheoir an-tuisceanach agus dúirt sé go dtabharfadh sé seans eile do Sheán.
Bheadh ar Sheán a sheacht ndícheall a dhéanamh leis an scrúdú a phasáil.
“Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a dúirt Seán leis féin.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

1) Cá bhfuil Seán i mbosca 1?
2) Céard atá scríofa ar an leathanach atá crochta ar an doras?
3) Cé mhéad duine atá le feiceáil ar thaobh na sráide i mbosca 3?
4) Cé hé an duine eile a tháinig chuig an timpiste i mbosca 5?
5) Céard atá scríofa ar an gcomhartha atá ar an mbord i mbosca 6?