SRAITH PICTIÚR: Imreoir Gortaithe

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 02). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith...

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Breathnaigh ar an téacs atá ag bun an leathanaigh seo ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine atá in aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie. agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

Scríobh comhrá a bheadh agat le cara ina bhfuil cur síos ar ghortú a bhain duit.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

  • Tabhair cur síos, tabhair rabhadh, cuir eagla agus pian in iúl, abair gur cuimhin leat rud éigin, tabhair geallúint.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Imreoir Gortaithe

(Téacs an fhíseáin)

1) Bhí cluiche iománaíochta faoi lán seoil agus bhí comhrac an bhradáin idir an dá fhoireann.
Bhí an saol agus a mháthair ag an gcluiche.
Bhí cúl agus trí chúilín ag Scoil Pheadair.
Ní raibh ach cúl agus cúilín amháin ag Coláiste Mhuire.

2) I bpreabadh na súl bhí Caoimhín sínte ar fhleasc a dhroma
Shéid an réiteoir an fheadóg.
Tháinig na hoifigigh garchabhrach le sínteán.
Bhí an bainisteoir ag béiceadh in ard a chinn is a ghutha ach thug an réiteoir an chluas bhodhar dó.
Bhí Caoimhín bocht gan aithne gan urlabhra faoin tráth seo.

3) Tógadh Caoimhín go dtí an seomra éigeandála agus timpistí ar luas lasrach.
Bhí sé a trí a chlog.
Bhí an áit dubh le daoine.
Tháinig a mheabhair chuig Caoimhín ach bhí pian uafásach ina chos.
Bhí sé sceimhlithe ina bheatha.

4) Chaith siad dhá uair an chloig ag feitheamh.
D’éirigh an bainisteoir an-mhífhoighneach agus thug sé íde béil don altra bocht.
Mhínigh sí dó nach raibh aon leigheas ar an scéal.
Faoi dheireadh is faoi dheoidh rinneadh x-ghathú ar a chos agus cuireadh plástar uirthi.

5) Ina dhiaidh sin tugadh isteach i seomra an dochtúra é.
Bhí Caoimhín tagtha chuige féin beagáinín faoin tráth seo ach bhí an plástar an-mhíchompordach.
Mhínigh an dochtúir dó go raibh a chos briste agus go mbeadh air sos fada a thógáil ón spórt.
Thit an lug ar an lag ar Chaoimhín bocht.

6) Faraor bhí ar Chaoimhín sos a thógáil ón iománaíocht ar feadh cúig mhí.
Bhí díomá an tsaoil air.
Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé i rith an ama sin.
Ní raibh suim dá laghad aige i gcluichí cosúil le ficheall.
B’fhada leis go mbeadh sé ar ais ar a sheanléim arís.

 

Ceisteanna:

  • Cén scór atá sa chluiche i mbosca 1?
  • Cá bhfuil siad i mbosca 3?
  • Cén t-am é i mbosca 3?
  • Cén t-am é i mbosca 4?
  • Cad atá ar chos Chaoimhín i mbosca 5?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Imreoir Gortaithe'