‘Sop in áit na scuaibe’ atá sa chóras earcaíochta don Ghaeilge sa Státseirbhís – An Coimisinéir Teanga

Bhí an Coimisinéir ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais inné, áit ar thug sé le fios chomh maith go raibh ardú 47 faoin gcéad tagtha ó 2009 ar líon na scéimeanna teanga atá fós le daingniú le comhlachtaí poiblí

‘Sop in áit na scuaibe’ atá sa chóras earcaíochta don Ghaeilge sa Státseirbhís – An Coimisinéir Teanga

“Sop in áit na scuaibe” atá i gceist leis an gcóras atá in ainm is a chinntiú go n-earcaítear daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, dar leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Thug an Coimisinéir le fios chomh maith go raibh ardú 47% tagtha ó 2009 ar líon na scéimeanna teanga atá fós le daingniú le comhlachtaí poiblí.

Bhí an Coimisinéir ag labhairt ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na nOileán i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné.

Dúirt sé go “dteastaíonn athruithe struchtúrtha ar an Acht “a rachaidh “i ngleic leis na riachtanais phraiticiúla atá ag lucht labhartha na Gaeilge”.

“Mura ndéanfar é sin is faillí a bheas ann mar beidh muid ag leanúint orainn bliain i ndiaidh bliana ag trácht ar na fadhbanna ceannann céanna,” a dúirt sé leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair.

Dúirt sé go bhfuil an baol ann má leantar leis an gcur chuige reatha go gcaillfear an deis “athchothromú a dhéanamh” ar an líon cainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís.

Mhaígh an Coimisinéir freisin go bhfuil “laigí suntasacha” ar chóras na scéimeanna teanga agus nach bhfuil an córas sin ag feidhmiú. Dúirt sé gur in olcas atá an scéal ag dul agus go bhfuiltear ag aontú scéimeanna a bhíonn ag “cúlú ó dhualgais teanga” seachas ag cur le seirbhísí Gaeilge.

“Tá líon na scéimeanna atá fós le daingniú ardaithe 47% ó 2009, in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta dlús a chur le haontú scéimeanna. An t-ábhar is mó imní atá orm faoi chóras na scéimeanna teanga i láthair na huaire ná a laghad a bhíonn geallta i gcuid mhaith acu. Fágann sin gur ann do scéim ach gur beag is fiú í i ndáiríre.

“Ní hin le rá nach mbíonn gealltanais fhiúntacha i roinnt scéimeanna, mar bíonn, ach ar an iomlán is é mo bharúil mheáite nach bhfuil na scéimeanna teanga ag cur go fiúntach le réimse na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí Ghaeilge ar aon bhealach,” a dúirt sé.

Chuir an Coimisinéir córas na scéimeanna teanga i gcomparáid le cluiche cártaí.

“Tá an mámh i lámha an chomhlachta poiblí seachas ar an taobh eile den bhord,” a dúirt sé.

“Creidim gurb é an réiteach air seo ná tionchar chóras na scéimeanna teanga a laghdú agus go mbeadh níos mó seirbhísí ag teacht faoi réimse na rialachán faoi mar atá déanta le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógraí taifeadta béil.

“Creidim gur féidir an méid sin a dhéanamh freisin i gcás suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar líne, foirmeacha iarratais, preasráitis agus na seirbhísí sin ar fad nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna,” a dúirt sé.