Síneadh ama curtha le seirbhís farantóireachta Árann

Fógraíodh an tseachtain seo caite go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís ar an 2 Samhain i mbliana. Tá síneadh ama trí seachtaine curtha leis an tseirbhís anois agus táthar ag súil go dtiocfar ar réiteach na faidhbe airgid idir an dá linn

Síneadh ama curtha le seirbhís farantóireachta Árann

Tá sé tugtha le fios ag Island Ferries Teo, a bhíonn i mbun na seirbhíse farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin, nach mbeidh deireadh á chur leis an tseirbhís sin an tseachtain seo chugainn ach go gcuirfear deireadh léi mura dtiocfar ar réiteach faoin 21 Samhain.

D’fhógair Island Ferries Teo an tseachtain seo caite go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís ón 2 Samhain go 17 Márta 2017.

Tugadh le fios ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcuirfear an dáta sprice siar agus súil ann go dtiocfar ar réiteach go luath.

Tugadh fógra scoir d’oibrithe an chomhlachta, atá lonnaithe i Ros an Mhíl, an tseachtain seo caite. Níl na seirbhísí farantóireachta chuig an dá oileán eile, Inis Meáin agus Inis Oírr, i mbaol mar gheall ar an maoiniú atá curtha ar fáil dóibh. Ní chuirtear aon mhaoiniú PSO ar fáil don tseirbhís go Cill Rónáin.

Cúrsaí airgid an chúis a thug an comhlacht an tseachtain seo caite lena gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís ar feadh an gheimhridh agus an táille atá á gearradh orthu a bhaineann le líon na bpaisinéirí a bhíonn ag imeacht den bhád san oileán. Gearrtar táille 80 cent in aghaidh an phaisinéara ar an gcomhlacht.

Ghearrtaí táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara suas go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh an fodhlí.

Ní hí seo an chéad uair a raibh an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin i mbaol a stoptha.

Anuraidh, thug Island Ferries Teo dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí mar gheall ar na táillí seo.

Rialaíodh san achomharc a bhí os comhair na Cúirte Uachtaraí i mí na Nollag an bhliain seo caite go raibh sé de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Céibh Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Céibh Ros an Mhíl.

De réir an bhreithiúnais, bhí táille €1.20 in aghaidh an duine ‘ró-ard’, agus dúradh nár cuireadh san áireamh ‘an conradh sóisialta’ a bhí i bhfeidhm le muintir Oileán Árann a iompar ó na hoileáin go dtí an mhíntír agus ar ais arís.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeidh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Bhí an cabhlach faoi réir le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann ag tús na bliana seo sa chás go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís ach tháinig an comhlacht agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhíodh, ar shocrú a d’fhág go leanfaí ar aghaidh léi.

Fág freagra ar 'Síneadh ama curtha le seirbhís farantóireachta Árann'