Seo Linn le bheith ar stáitse Oxfam ag EP 2015

Tá ag éirí go maith le Seo Linn i gcomórtas 2fm agus Oxfam. Tá an banna ceoil Gaelach ag súil le deis a gcuid ceoil a chasadh ar stáitse Cosby ag Electric Picnic a bhuachan

Seo Linn

Tá áit bainte amach ag Seo Linn ar ghearrliosta an chomórtais ‘Play the Picnic’ atá á reáchtáil ag RTÉ 2fm agus Oxfam. Beidh an banna ceoil Gaelach ag casadh ar stáitse Oxfam ag an Electric Picnic i mí Mheán Fómhair.

Beidh amhrán dá gcuid, ‘D’aon Ghuth Amháin’, á chasadh ar 2fm as seo go dtí lár na seachtaine seo mar chuid den chomórtas. Beidh deis ag an bpobal vótáil trí théacs don bhanna as seo go dtí 12 Lúnasa. Más ag Seo Linn a bhíonn an bua, cuirfear ar Stáitse Cosby freisin iad ag an bhféile agus tabharfaidh saineolaithe ón earnáil cheoil máistir-rang dóibh.

Anuas air sin, beidh duine ar bith a chaithfidh vóta ar son an amhráin istigh i gcomórtas do sheit ticéad campála don Electrip Picnic.

Cosnóidh téascsanna chuig an gcomórtas €2 ar an éisteoir agus gabhfaidh an brabach ar fad ar aghaidh go dtí Oxfam, a chaithfidh ar a gcuid oibre thar lear é.

“Tá muid an-sásta gur éirigh linn áit a bhaint amach ar an ngearrliosta, go háirithe nuair a bhí an-chuid bannaí ceoil agus ceoltóirí den scoth i gceist. Tá muid ag tnúth go mór le seó iontach ar stáitse Oxjam. Cabhróidh an deis seo linn bunsprioc atá againn a bhaint amach, ‘sé sin chun an Ghaeilge a chur chun cinn i slí atá nua-aimseartha agus taitneamhach.

“Má éiríonn linn an chéad áit a bhaint amach agus seit a chasadh ar stáitse Cosby beidh lúcháir orainn,” a dúirt Keith Ó Briain, amhránaí Seo Linn.

Féadfar vótaí a chaitheamh trí théacs leis an bhfocal PICNIC8 a sheoladh chuig 50300.

Fág freagra ar 'Seo Linn le bheith ar stáitse Oxfam ag EP 2015'