Seo chugainn an Geimhreadh! Leagan Gaeilge Game of Thrones le foilsiú

Beidh an leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith A Song of Ice and Fire ar fáil i mí Mheán Fómhair

game-of-thrones-daenerys-hed-2013

Tá sé fógartha ag na foilsitheoirí Leabhar Breac go bhfuil leagan Gaeilge le foilsiú acu den leabhar iomráiteach A Game of Thrones le George R. R. Martin. Fógraíodh ar chuntas Twitter na bhfoilsitheoirí @BreacEolas tráthnóna go mbeidh an chéad leabhar sa tsraith A Song of Ice and Fire ar fáil i nGaeilge i mí Mheán Fómhair.

Cluiche na Corónach an teideal Gaeilge atá baiste ar an saothar ag Leabhar Breac.

Cluiche na Corónach atá le foilsiú i mí Mheán Fómhair
Cluiche na Corónach atá le foilsiú i mí Mheán Fómhair

Foilsíodh an bunleagan Béarla den chéad uair sa bhliain 1996 agus is iomaí duais atá bainte amach aige ó shin. Bhí sé ar bharr liosta na leabhar ag an New York Times i mí Iúil na bliana 2011 agus is é is bunús leis an tsraith iomráiteach teilifíse Game of Thrones a bhíonn le feiceáil san earrach ar HBO.

Aithrisítear sna leabhair fantasaíochta scéal na Seacht Ríochta i Westeros agus an choimhlint fhuilteach cumhachta atá ar bun eatarthu. Tá idir mholadh agus cháineadh faighte ag an tsraith mar gheall ar a fhuiltí agus a ghnéasúla a bhíonn cuid den ábhar ann ach tá os cionn 60 milliún cóip den chúig leabhar atá foilsithe go dtí seo díolta ar fud an domhain.

Dúirt Leabhar Breac le Tuairisc.ie go bhfuil “an-áthas” ar an gcomhlacht go mbeidh an leagan Gaeilge á fhoilsiú san fhómhar agus gur “obair mhór” a bhí san aistriúchán. Tá an comhlacht ag súil go mbeidh an-díol ar an leabhar go háirithe agus an tsraith teilifíse go mór i mbéal an phobail faoi láthair agus an séú séasúr den tsraith le craoladh an bhliain seo chugainn.

Tá ard-mholadh faighte ag aistriúcháin eile de chuid Leabhar Breac, ina measc sin Oileán an Órchiste, aistriúchán ar Treasure Island le R.L. Stevenson agus tá riar mhaith leabhar aistrithe ón gCatalóinis agus ón bhFraincis. Táthar ag obair ar leagan Gaeilge de Kidnapped le R.L. Stevenson freisin.

“Obair mhór a bhí san aistriúchán, agus táimid ag súil go mbeidh an-díol ar an leabhar — go háirithe anois agus an séú sraith teilifíse le craoladh an bhliain seo chugainn,” a dúirt urlabhraí ó Leabhar Breac.

An tseachtain seo, foilseoidh an comhlacht atá lonnaithe i gCois Fharraige i gConamara Corp an Duine Uasail, aistriúchán ar úrscéal grafach le Pénélope Bagieu agus foilseoidh siad faoi cheann coicíse cnuasach nua filíochta le Cathal Ó Searcaigh, An Bhé Ghlas.