Seaimpíní Chonnacht, tánaistí Uladh agus Doire le chéile do bhabhta na ngrúpaí

Tá cluiche ceannais Chonnacht idir Gaillimh agus Maigh Eo le himirt an Domhnach beag seo i Staid an Phiarsaigh agus d’fhéadfadh go mbeadh grúpa níos éasca ag an dream a chaillfidh an cluiche sin

Seaimpíní Chonnacht, tánaistí Uladh agus Doire le chéile do bhabhta na ngrúpaí

Tá buaiteoirí chluiche ceannais Chonnacht agus an fhoireann a chaillfidh cluiche ceannais Uladh le cur i ngrúpa deacair in éineacht le Doire agus an Iarmhí agus an tarraingt déanta do bhabhtaí na ngrúpaí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann.

Agus é i mbun na tarraingthe i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna, dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Jarlath Burns go raibh súil aige le “grúpa deas furasta” dá chontae dúchais, Ard Mhacha, ach má chailleann siad in aghaidh Dhún na nGall i gcluiche ceannais an chúige faoi cheann coicíse, is istigh le buaiteoirí an chluiche idir Gaillimh agus Maigh Eo, Doire agus an Iarmhí a bheidh siad.

Tá cluiche ceannais Chonnacht le himirt an Domhnach beag seo i Staid an Phiarsaigh agus d’fhéadfadh go mbeadh grúpa níos éasca ag an dream a chaillfidh an cluiche sin.

Tá tánaistí Chonnacht le cur isteach i nGrúpa 2 le Ros Comáin, an Cabhán agus Áth Cliath, chomh fada agus a sháraíonn curaidh na hÉireann an Lú i gcluiche ceannais Laighean.

I nGrúpa 3, imreoidh seaimpíní Uladh i gcoinne Thír Eoghain sa chéad chluiche. Beidh cluichí acu ansin in aghaidh Chorcaí agus an dream a chaillfidh cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus an Clár.

Glactar leis gurb iad na Ciarraígh a thabharfaidh leo craobh an chúige sa chluiche sin ag an deireadh seachtaine agus fágfaidh sin foireann Jack O’Connor i nGrúpa 4. An Lú a bheidh leo, mura bhfaigheann siad an ceann is fearr ar Áth Cliath, agus is iad Muineachán agus an Mhí an dá fhoireann eile i nGrúpa 4.

Imreoidh curaidh na gcúigí sa bhaile in aghaidh na bhfoirne a tarraingíodh amach sa tríú háit sna grúpaí sa chéad bhabhta cluichí.

Rachaidh an dream a chríochnaíonn ar bharr gach grúpa ar aghaidh go dtí babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann agus imreoidh na foirne a chríochnaíonn sa dara agus sa tríú háit sna grúpaí a chéile i réamhbhabhtaí.

Rinneadh an tarraingt do Chorn Tailteann chomh maith agus peileadóirí Phort Láirge curtha isteach i nGrúpa 1 le Cill Dara, Liatroim agus an Longfort.

Beidh foireann ó gach cúige í nGrúpa 2 agus Sligeach, Aontroim, Loch Garman agus Tiobraid Árann curtha le chéile.

I nGrúpa 3, beidh Fear Manach, Laois, Cill Mhantáin agus Ceatharlach san iomaíocht lena chéile agus beidh an Dún, Uíbh Fhailí, Luimneach agus Londain i nGrúpa 4.

Rachaidh Nua-Eabhrac ar aghaidh díreach go dtí na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Seaimpíní Chonnacht, tánaistí Uladh agus Doire le chéile do bhabhta na ngrúpaí'