RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Oireachtas na Samhna

Is í seo an 43ú bliain go mbeidh Raidió na Gaeltachta ag tacú le féile mhór na nGael.

Helen-Ni-She-Press
Beidh aoíanna sa Ródaí le labhairt ar an Saol Ó Dheas le Helen Ní Shé faoi fhéile na bliana seo

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Oireachtas na Samhna ó Dhéardaoin 31 Deireadh Fómhair go Domhnach 2 Samhain, agus beidh os cionn 20 uair an chloig de chláracha in iomlán ag teacht ó Chill Airne.

Cuirfear tús leis an gcraoladh maidin Dhéardaoin leis an gclár ceoil Sinéad ar Maidin, le Sinéad Ní Uallacháin, ag 10.15 am agus cuirfear clabhsúr leis an gcraoladh le Togha agus Rogha beo ón Ródaí le Máirtín Tom Sheáinín ina dhiaidh sin. Beidh buaiteoirí Chorn Uí Riada i gcomhluadar Mháirtín le slán a fhágáil le hOireachtas 2014.