Nolan dulta amú sa spás

Bheadh braon faoin bhficail nó céim sa réaltfhisic ag teastáil le sásamh iomlán a bhaint as an scannán is déanaí le Christopher Nolan.

 

Interstellar

Interstellar

Stiúrthóir: Christopher Nolan

Cliar: Matthew McConaughey, Anne Hathaway, Mackenzie Foy, John Lithgow, Michael Caine, Matt Damon.

Taibhsítear dom ar uairibh gurb í an chloch is mó ar phaidrín an Nuallánaigh nuair a bheireann sé ar an gceamara ná míobhán a chur ar an lucht féachana.

Ba shaothar cumasach, casta, cliste é Momento (2000) a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán agus a raid Nolan i lár an aonaigh, ach bhí ort a bheith ar do bharraicíní nó bhí an scéal imithe sa bhfraoch ort.

In ainneoin bhuaicphointí Inception (2010), bhí go leor daoine ag tochas a gceann ina dhiaidh agus fonn orthu lámh a síneadh i dtreo na Cliff Notes.

Bhí sé rite le brothall agus an lucht féachana fágtha ina staicíní áiféise.

Tá iomaire an mhearbhaill á threabhadh arís aige anseo.

Anois ar eagla na míthuisceana, nílim á dhaoradh san éagóir. Admhaím gur auteur go smior é le greim daingean ar pheann an scríbneora, suíochán an stiúrthóra agus cumhacht an léiritheora sna scannáin ar fad a thagann óna cheárta (bhí ról scríbhneora aige i 9 gcinn de na scannáin atá stiúrtha aige agus ról léiritheora i 6 cinn acu).

Chuir trílóg Batman an dlaoi mhullaigh ar a cháil agus léirigh do chách gur féidir scannán móreachtraíochta a sholáthar ina bhfuil scéal agus carachtair théagartha ann.

Ach dar liom go n-imíonn sé amach ón gcairt ar fad anseo.

Tá sé inmholta go dtabharfaí dúshlán an lucht féachana agus go dtiocfaí aniar aduaidh orthu ach i ndeireadh na dála, caithfear iad a thabhairt leat.

Lena cheart a thabhairt don saothar, cruthaítear domhan diostóipeach inchreidte ag an dtús, domhan ina bhfuil an cine daonna ag treabhadh leo ar éigean.

Ní dhéantar sin a mhúchadh le hiardhearcaidh nó montáisí le cúis na tubaiste a mhíniú ach scaoiltear chugainn é blúire ar bhlúire. Cuirtear Cooper (McConaughey), a bheirt chlainne agus athair a chéile os ár gcomhair le cabhrú linn éachtaint a fháil ar an domhan seo.

Bogann an scannán ar aghaidh ar a bhogstró agus éiríonn leis bá a chothú ionainn don charachtair, don iníon Murph (Foy) go háirithe.

Ansin le cabhair ón ósnádúr, tagann siad ar láthair rúnda de chuid NASA agus cuirtear ina luí ar Cooper (a bhfuil cúlra spásaire aige) tabhairt faoi mhisean atá ag iarraidh muintir an domhain a tharrtháil.

As sin go ceann scríbe bíonn an mhaisíocht mar aon le mínithe fealsúnacha agus eolaíocha ár dtionlacan faid is atá ár laochra á dteilgean ó réaltra go réaltra (nó ó ghrianchóras go grianchóras, níl a fhios agam).

Go deimhin, ba gheall le carachtar ann féin é an domhantharraingt.

Is sna nóimintí ciúnais, áfach, a chímid croí agus buaicphointí an scannáin agus bhí an radharc ina raibh Cooper ag féachaint ar mhíreanna físe ón mbaile ar cheann de radharcanna is corraithí atá feicthe agam le tamall.

Tugann McConaughey taispeántas den scoth uaidh faoi chuibhreacha na heolaíochta agus léiríonn a thaispeántais le dornán blianta anuas, i scannáin mar Mud (2012), Dallas Buyers Club (2013) agus sa tsraith True Detective, go bhfuil sé tar éis barr a chumais a bhaint amach.

Tá seafóid na scannán románsaíochta fágtha ina dhiaidh aige agus an mianach a bhí le feiscint in A Time to Kill (1996) agus Amistad (1996) á léiriú an athuair.

Tá teachtaireachtaí fiúntacha, agus buillí mothúchánacha anseo ach mhothaíos ar uairibh go mbeadh braon faoin bhficail nó céim sa réaltfhisic ag teastáil le sásamh (nó tuiscint) iomlán a bhain as.

 

 

Fág freagra ar 'Nolan dulta amú sa spás'