Na 5 fhiseán Gaeilge is fearr le Tuairisc.ie

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na físeáin Ghaeilge is mó tóir ar YouTube

Ó tháinig YouTube ar an bhfód tuairim is naoi mbliana ó shin, bhí pobal idirlín na Gaeilge sáite ann. In imeacht na mblianta sin, crochadh na mílte físeán i nGaeilge, idir ghearrscannán, fhíseán ceoil agus dialann físe ar an suíomh roinnte físe. Bailithe anseo ag Tuairisc.ie tá na cúig cinn is fearr linn (seachas an ceann seo). An aontaíonn sibh linn? Fág trácht thíos. (Rabhadh: Tá eascainí i bhfíseáin 1 agus 2).

1. Gail Force – Seáinín Smaoiseach


‘Tá mo ghlór fear tagtha back!’ Scigmhagadh den scoth ar shobalchlár Shasana ‘Coronation Street’ atá san eagrán seo de Sheainín Smaoiseach. Tháinig Seáinín chun cinn tuairim is cúig bliana ó shin lena chuid físeán agus chuir sé Gaeil na tíre sna tríthí ag gáire. Is é an trua nár lean sé leis – níl ach dornán físeán ar an gcainéal aige, ach seo é an ceann is fearr linne.

2. How To Swear in Irish – Clisare


Blagálaí mór-le-rá agus iriseoir leis an Irish Independent is ea Clár Ní Chuilinn – a dtugann ‘Clisare’ uirthi féin ar líne. Is i mBéarla den chuid is mó a bhíonn Clár ag blágáil ach tá Gaeilge ar a toil aici agus déanann sí corrfhíseán i nGaeilge anois is arís – go háirithe timpeall Sheachtain na Gaeilge. Rinne sí an ceann seo i mbliana agus tá an-tóir air. Chaith Clár tréimhse i nGaeltacht Chois Fharraige i mbliana agus mar sin beidh muid ag súil le níos mó uaithi!

 3. BEO Lurgan – TG Lurgan

Tháinig an ceann seo amach sa bhliain 2012 sula raibh cáil dhomhanda ar amhráin Lurgan. Mar sin, ní bhfuair sé an oiread sin poiblíochta agus measann muid féin gur éacht ann féin é an    t-olltaifead seo agus taitníonn na liricí spreagúla go mór linn!

4. Picking Up Girls in Irish – Buachaill

Is minic a deirtear nach féidir aon leas praiticiúil a bhaint as an nGaeilge tar éis na scoile. Easaontaíonn Tuairisc.ie go láidir leis an tuairim sin agus taitníonn an físeán seo, ina mbréagnaíonn ‘Buachaill’ í, go mór linn. D’éirigh leis go leor mná dathúla a mhealladh le teanga bhinn na nGael (cé nach dtuigeann cuid acu a bhfuil á rá aige) sa bhfís seo. Ceacht Gaeilge ar chóir dó bheith éigeantach don Ardteist!

5. Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir – TG Ciarán

Is maith linn amhráin i nGaeilge ach is fearr linn fós amhráin nua-chumtha i nGaeilge. Céard eile a bheadh uait ach a bheith tugtha don tuiseal tabharthach? Léiríonn Tadhg Mac Dhonnagáin mianta ár gcroí leis an amhrán barrúil seo.

 

Fág freagra ar 'Na 5 fhiseán Gaeilge is fearr le Tuairisc.ie'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Tá go leor físeán i nGaeilge ar Youtube, ach an féidir a rá go bhfuil aon cainéal ar Youtube a mbíonn ag freastal ar pobal faoi leith trí Gaeilge amháin seachas b’fhéidir TG Lurgan? Fiú na cinn atá luaite agaibh thús, tá chuid mhaith dóibh ar cainéal Béarla go príomhá. Ba bhreá liom a leithead de Scishow, CrashCourse nó CGP Grey a feicáil i nGaeilge. Bheadh greasán cainéil mar sin ina bhuntáiste mór don phobal Gaelach agus fíor úsáidach i seomraí ranga na tíre. Ní bheadh sé ró-chostasach ach oiread.