Moladh ag Seanadóir go bhféachfaí ar fhilleadh ar an gComhlathas Briotanach

Mhol an Seanadóir de chuid Fhine Gael Frank Feighan go bhfillfeadh Éire ar an gComhlathas Briotanach

An Seanadóir Frank Feighan

Tá ráite ag Seanadóir de chuid Fhine Gael go bhfuil sé in am ag Éirinn cuimhneamh ar dhul isteach sa Chomhlathas Briotanach arís.

Dúirt an Seanadóir Frank Feighan go bhfuil sé ag iarraidh “an díospóireacht a spreagadh an athuair” faoi na buntáistí a bheadh ann d’Éirinn a bheith ina ball den Chomhlathas arís.

“Tá an díospóireacht reatha faoi Brexit tar éis go leor díospóireachta a spreagadh arís eile faoin gcaidreamh speisialta atá againn lenár gcomharsa,” a dúirt an Seanadóir Feighan.

Dúirt sé gur iomaí “cuspóir uasal” atá ag an gComhlathas, ina measc cur chun cinn an daonlathais, cearta daonna, dea-rialú agus forbairt shóisialta agus eacnamaíochta.

Dúirt sé go gcabhródh sé lena chinntiú go dtabharfaí meas agus aitheantas do na féiniúlachtaí éagsúla atá in “Éirinn iolraíoch” na linne seo.

“Tá mé ag iarraidh an rud a nglactar leis go forleathan a dhearbhú, go bhfuil ré nua polaitíochta sa tír seo atá tar éis ligean dúinn bogadh ar aghaidh ó scoilteanna an ama atá thart agus a chruthaigh an oiread sin teannais inár n-oileán idir Éirinn agus an Bhreatain,” a dúirt sé.

Dúirt Feighan gur “glacadh go maith” lena chinneadh an poipín a chaitheamh mí na Samhna na bliana seo caite agus gur “comhartha soiléir eile” an méid sin go bhfuil muid anois i ré na síochána agus an athmhuintearais.

“Is iomaí cloch mhíle a bhí ann i ré seo na síochána agus an athmhuintearais, ré a adhnadh nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

“I measc na gclocha míle móra sin, bhí cuairt na Banríona ar Éirinn in 2011 agus cuairt stáit an Uachtaráin Ó hUiginn ar an mBanríon in 2014. B’iontach an tsiombail é gur fhreastail Martin McGuinness as Sinn Féin ar ócáid i gCaisleán Windsor mar chuid de chuairt an Uachtaráin,” a dúirt sé.

Dúirt Feighan nár mhór a lua go bhfuil 33 de 53 ballstát an Chomhlathais ina bpoblacht agus gur ról teidealach atá i ról na Banríona den chuid is mó. Dúirt sé freisin go bhfuil cuid mhaith de dhiaspóra na hÉireann ina gcónaí i mballstáit an Chomhlathais, an Ríocht Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus an Nua-Shéalainn.

D’admhaigh sé go mbeadh “lucht cáinte ann sna háiteanna is dual dóibh a bheith” nach dtaitneodh an moladh leo ach gur maith a d’fheilfeadh a leithéid de bheart do “ré nua na polaitíochta agus na caoinfhulaingthe creidimh atá anois ann inár n-oileán”.

Dúirt sé go gcuirfí “luachanna na hÉireann chun cinn ar fud na cruinne a fhad is a neartófaí naisc thábhachtacha eacnamaíochta agus chultúir go hidirnáisiúnta”.