Máistrí nó méiseálaithe? – cúigear a d’fhéadfadh an seaicéad glas a bhuachan in Augusta

Cuirfear tús leis an gcéad mhórchomórtas gailf i mbliana ar maidin agus caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na himreoirí a bhfuil seans acu in Augusta

Máistrí nó méiseálaithe? – cúigear a d’fhéadfadh an seaicéad glas a bhuachan in Augusta
Dustin Johnson. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Dustin Johnson

Is é Dustin Johnson rogha láidir na coitiantachta don chomórtas i mbliana agus an stádas sin tuillte go maith aige. Tar éis dó a sheans a scaoileadh thairis i roinnt mórchomórtas, ba mhór an faoiseamh é do ‘DJ’ nuair a bhuaigh sé an US Open anuraidh. Tá sé ag imirt thar barr arís i mbliana agus trí chomórtas as a chéile buaite aige agus é aitheanta mar an galfaire is fearr ar domhain faoi láthair.

Chríochnaigh Johnson sa cheathrú háit in Augusta in 2016 agus sa séú háit in 2015, rud a léiríonn go bhfuil sé in ann ag an gcúrsa. Má bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa arís an deireadh seachtaine seo, d’fhéadfadh go mbuafaidh an té atá mar rogha na coitiantachta na Masters den  chéad uair ó rinne Tiger Woods amhlaidh dhá bhliain déag ó shin.

Rory. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Rory McIlroy

I mbliana, thar aon bhliain eile, seachas b’fhéidir an chéad uair ar ghlac sé páirt sa chomórtas, ní raibh an oiread sin cainte faoi Rory McIlroy roimh na Masters. Ba í 2015 an bhliain ba mhó a raibh brú air agus an dá mhórchomórtas roimhe sin, an British Open agus an PGA Championship, buaite aige. Ach níor éirigh leis agus sa cheathrú háit a chríochnaigh sé, agus gan é ach measartha an chéad chúpla lá.

Beidh súil aige go gcabhróidh an easpa cainte sin leis i mbliana mar is léir go dtaitníonn Augusta leis. Chríochnaigh sé i measc an deichniúir is fearr le trí bliana anuas, ach is minic a chuireann drochlá amháin isteach go mór air, mar a tharla anuraidh nuair a bhí sé cúig bhuille os cionn an phar ina bhabhta ar an Satharn. Dá mbeadh sé in ann a leithéid a sheachaint i mbliana, beidh an-sheans aige tráthnóna Dé Domhnaigh.

Jordan Spieth. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Jordan Spieth

Cé go bhfuil seaicéad glas amháin buaite cheana féin ag Jordan Spieth, ba cheart go mbeadh péire sa chófra aige. Lig sé thairis an seans a bhí aige comórtas na bliana seo caite  nuair a bhuail sé dhá liathróid san uisce ag an dara poll déag ar an Domhnach.

Cé go bhfuil cúpla comórtas buaite ag Spieth ó shin, baineann dúshlán ar leith le fillleadh ar Augusta. Mar sin féin, tá an oiread sin diongbháilteachta léirithe cheana aige  go gceapfá nach gcuirfidh teip na bliana seo caite isteach rómhór air.

Tá tuiscint iontach ag Spieth ar na deacrachtaí a bhaineann le Augusta chomh maith. Níor imir sé sa chomórtas ach trí huaire go dtí seo ach chríochnaigh sé sa dara háit (in 2014 agus 2016), agus thug sé an lá leis in 2015. Má leanann sé air leis an bpatrún sin…

Justin Thomas

Imreoir óg eile. Tá ag méadú ar chlú  le cúpla bliain anuas agus i mbliana tá sé cruthaithe aige go bhfuil sé go bhfuil sé chomh maith agus a deirtear. Tá trí chomórtas buaite aige go dtí seo i mbliana agus chríochnaigh sé sa chúigiú háit i bpéire eile. Tá beagnach $4.3M saothraithe aige cheana féin aige in 2017. Ba é Masters na bliana seo caite an chéad uair gur imir Thomas sa chomórtas agus chríochnaigh sé sa 39ú háit. Ní údar iontais a bheadh ann dá gcríochnódh sé i bhfad níos airde ná sin i mbliana.

Hideki Matsuyama

Fear óg eile atá ag imirt ar fheabhas faoi láthair é Hideki Matsuyama. Chríochnaigh an Seapánach sa dara háit taobh thiar de Justin Thomas faoi dhó  an séasúr seo ach tá a chuid féin buaite ag Matsuyama i mbliana chomh maith. Chríochnaigh sé i measc an deichniúir is fearr ag Augusta le dhá bhliain anuas.

Fág freagra ar 'Máistrí nó méiseálaithe? – cúigear a d’fhéadfadh an seaicéad glas a bhuachan in Augusta'