Leo Varadkar tofa ina cheannaire ar Fhine Gael

Bheadh Varadkar, atá 38 bliain d’aois, ar an Taoiseach is óige riamh agus bheadh sé ar an gcéad Taoiseach aerach ar an tír chomh maith

Leo Varadkar tofa ina cheannaire ar Fhine Gael

Tá Leo Varadkar tofa ina cheannaire ar Fhine Gael.

Fágann a bhua ar an Aire Tithíochta Simon Coveney gur dóichí go dtiocfaidh Varadkar i gcomharbacht chomh maith ar Enda Kenny mar Thaoiseach.

Bheadh Varadkar, atá 38 bliain d’aois, ar an Taoiseach is óige riamh agus bheadh sé ar an gcéad Taoiseach aerach ar an tír chomh maith. Níl ach ceannaire stáit amháin eile faoi láthair ann atá oscailte faoi bheith aerach – Xavier Bettel, Príomh-Aire Lucsamburg.

Mar a bhíothas ag súil leis thacaigh formhór de pháirtí parlaiminte Fhine Gael le Varadkar agus daoine meallta ag a óigeantacht, a chúlra suimiúil, a chumas ag plé leis na meáin agus an cháil atá air mar pholaiteoir a labhraíonn amach go macánta.

Ba í an tacaíocht láidir a fuair sé i measc Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha an pháirtí – 51 vóta in aghaidh 22 vóta – a chinntigh go mbeadh an svae leis an Aire Coimirce Sóisialaí, cé gurbh fhearr a chruthaigh Coveney i measc ghnáthbhaill Fhine Gael agus 65% dá vótaí siúd ag an Aire Tithíochta. Fuair Varadkar níos mó vótaí chomh maith i measc comhairleoirí contae. 123 duine acu siúd a thacaigh le Vardakar agus 100 duine acu a thacaigh le Coveney.

Bhí 65% den vóta ag páirtí parlaiminte Fhine Gael sa toghchán ceannaireachta, bhí luach 10% den vóta ag comhairleoirí áitiúla agus baill de Bhord an Údaráis agus sciar 25% den vóta a bhí ag gnáthbhaill an pháirtí. 60% de choláiste toghcháin Fhine Gael a bhí ag Varadkar.

Beidh lucht na Gaeilge ag súil gur ag labhairt amach go macánta a bhí ceannaire nua Fhine Gael agus é ag trácht ar chás na teanga le linn an toghcháin.

Dúirt Varadkar go n-úsáidfeadh sé an Ghaeilge gach lá ina chuid oibre mar Thaoiseach agus go dtabharfadh sé faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú.

Dúirt sé go mbeadh polasaí “réamhghníomhach” aige maidir le bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí chun freastal ar an “méadú leanúnach” ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt sé chomh gur cheart go mbeadh an rogha ag cách freastal ar naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste.

Tá cáil ar Varadkar ó bhí sé ina pholaiteoir óg mar choimeádach atá fada a dhóthain amach ar an eite dheis agus chuir sé olc ar mhórán, mar shampla, nuair a dúirt sé le déanaí gur cheart go mbeadh sé mar cheannaire a d’fhreastlódh “ar dhaoine a éiríonn go moch ar maidin”.

Dúirt sé le linn thoghcháin ceannaireachta Fhine Gael chomh maith go gcuirfeadh sé cosc ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí, a sholáthraíonn seirbhísí ‘riachtanacha’, dul ar stailc.

In agallamh le Harry Magee ón Irish Times an tseachtain seo, dúirt Varadkar gur liobrálaí é ó thaobh na heacnamaíochta agus ceisteanna sóisialta de. Dúirt sé nach raibh aon chiall a thuilleadh sa pholaitíocht mar atá lipéad ‘na heite deise’ nó ‘na heite clé’ a chur ar dhaoine.

“Déarfainn gur liobrálaí mé ó thaobh na heacnamaíochta agus ceisteanna sóisialta de, agus is ionann sin ag daoine de ghnáth agus duine atá ar chlé ón lár fad is a bhaineann sé le ceisteanna sóisialta agus atá claonta i dtreo na heite deise fad is a bhaineann sé le cúrsaí eacnamaíochta,” a dúirt sé.

Toghadh Leo Varadkar chun na Dála i mBaile Átha Cliath Thiar den chéad uair in 2007. Dochtúir ab ea é sular toghadh ar dtús é agus ceapadh ina Aire Sláinte é in 2014. Roimhe sin bhí sin ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Ceapadh ina Aire Coimirce Sóisialaí i mBealtaine na bliana seo caite. Is é an mac is óige ag Ashok agus Miriam Varadkar. As Mumbai san India do Ashok Varadkar ó dhúchas.

Ar a 36ú breithlá, i mí Eanáir 2015, d’fhógair Varadkar go poiblí den chéad uair go raibh sé aerach.

“Ní rud é a leagann amach cé mé fhéin. Ní polaiteoir leathIndiach mé, ná ní dochtúir-polaiteoir mé, ná ní polaiteoir aerach mé dála an scéil. Níl ann ach gur cuid díom féin é, ní hé go leagann sé amach cé mé féin, is tréith a bhaineann liom é, is dócha,” a dúirt sé.

Thacaigh Varadkar go láidir leis an reifreann faoin bpósadh aerach in 2015 cé go ndúirt sé roinnt blianta roimhe sin go raibh sé i gcoinne a leithéid.

Is as Maigh Eo dá pháirtí, Matthew Barrett, ar dochtúir agus cainteoir líofa Gaeilge é.