Leagan aipe d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar fáil anois

Tá leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge ar fáil mar aip

Leagan aipe d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar fáil anois

Tá leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge ar fáil mar aip

Tá leagan aipe d’Fhoclóir Uí Dhónaill, Foclóir de Bhaldraithe, An Foclóir Beag, An Bunachar Gramadaí agus an Bunachar Foghraíochta anois ar fáil ar an Apple Store agus ar an Play Store.

Leagan aipe den suíomh Teanglann.ie atá i gceist agus na leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge a réitíodh don suíomh idirlín ar fáil anois go héasca i bpóca an úsáideora.

Is féidir na trí fhoclóir a íoslódáil in éineacht leis an mBunachar Gramadaí agus an Bunachar foghraíochta, nó is féidir an aip a shaincheapadh de réir riachtanais an úsáideora agus rogha de na cúig áis a íoslódáil ceann ar ceann.

Teastaíonn os cionn gigibheart leis na háiseanna ar fad a íoslódáil ach is féidir spás a shábháil trí na háiseanna a theastaíonn uait féin a chur ar an bhfearas nó a bhaint de de réir mar a theastaíonn siad.

Teastaíonn 271mb d’Fhoclóir Uí Dhomhnaill, 155mb d’Fhoclóir de Bhaldraithe, 56mb don Fhoclóir Beag, 178mb don Bhunachar Gramadaí agus 538mb don Bhunachar Foghraíochta.

Is féidir réiltín a chur leis na focail is fearr leat sa chaoi is go mbeidh teacht agat orthu go héasca arís agus ‘cuardaigh le déanaí’ ann le teacht ar na focail is deireanaí a chuardaigh tú. Tá ‘uathchríochnú’ sa chuardach freisin a chabhróidh leis an úsáideoir frásaí agus focail a aimsiú go sciobtha.

Tá comhéadan na haipe ar fáil i mBéarla, i nGaeilge agus i bhFraincis agus taispeántar ‘focal an lae’ difriúil, rogha focal ón mbunachar, ar an scáileán baile.

Is é Foras na Gaeilge a chuir an “uirlis ríthábhachtach” seo ar fáil do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge “ar gach leibhéal”. Digitíodh na foclóirí atá ar fáil san aip nua mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, foclóir atá ar fáil i bhfoirm aipe le dhá bhliain anuas.

“Is foinsí bunriachtanacha Gaeilge iad na foclóirí seo in aip Teanglann. Is é Foclóir Gaeilge Béarla Uí Dhónaill an phríomhfhoinse is údarásaí ó thaobh na Gaeilge comhaimseartha, is é An Foclóir Beag an foclóir Gaeilge-Gaeilge is cuimsithí againn, agus cé go bhfuil an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil anois ó 2013, tá cumhdach agus saibhreas  teanga in English Irish Dictionary de Bhaldraithe atá agus a bheidh an-luachmhar ag pobal na teanga. Táimid an-sásta go bhfuil na foclóirí seo ar fáil mar aip chomh maith anois,” a dúirt Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.

Beidh an aip Teanglann.ie á seoladh go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo chugainn. Beidh trí “ócáid foclóireachta” ar siúl i gcaitheamh na féile — seisiún eolais faoi na háiseanna atá ar fáil mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, seoladh na haipe nua, agus seoladh áis nua eile.

Fág freagra ar 'Leagan aipe d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar fáil anois'

  • Niall

    Ah lads, cá bhfuil an nasc??

  • Lorraine McCaffrey

    Ar fheabhas Ba mhaith liom é a fháil

  • Glór Í Eo

    Níl let fáil anois each aip de chuid Tuairisc! Cén uair????

  • Desmond Carolan

    Téigh go:
    https://play.google.com/store/apps
    Cuir ‘teanglann’ sa bhosca cuardaigh agus gheobhaidh tú gach a bhfuil
    á lorg agat ansin.

    Deasún

  • James Pelow
  • Peter Groarke

    Go hiontach – grma – pete