Laethanta órga na himeartha agus na cadrála sleamhnaithe uainn?

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Cé go bhfuil go leor nach lú leo an sioc ná George Hook bhain ár léirmheastóir féin súp riamh as an riastradh a thagadh air go minic

RTE Rugby

Deireadh seachtaine eile go rabhamar in ann craos a chur orainn féin le spórt. Biaistí na caide agus an rugbaí faoi lán seoil abhus agus ‘the greatest show on earth’ ar siúl aréir i Meiriceá.  Bhíos buíoch den Ipad agus ní den chéad uair é.

Dúirt mé riamh go n-aireoimis uainn meithleacha cabaireachta na caide, an rugbaí agus an tsacair nuair a bheadh siad imithe. Tháinig an tuar faoin tairngreacht inné agus mé ag féachaint ar an rugbaí  (6 Nations Rugby, RTÉ1). Cé go bhfuil go leor nach lú leo an sioc ná George Hook bhaineas féin súp riamh as an riastradh a thagadh air go minic. Cé go mb’fhéidir go bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil an anailís níos tomhaiste agus níos léargasaí ag leithéidí Ronan O’Gara, Shane Horgan agus Conor O’Shea (mar go bhfuilid fós sáite sa chluiche nó díreach tar éis éirí as) níl an gearradh céanna ann. Tá Tom McGurk imithe (le Daire O’Brien in áit) agus ní raibh Popey féin ann inné. Taispeántas patuar go maith sa stiúideo mar sin.  Ba í tuairim na coitiantachta go bhfaigheadh na Breatnaigh an fear maith ar Éirinn ach bhí teacht aniar i bhfoireann na hÉireann. Tá an ghaoth imithe as seolta an rugbaí le tamall tar éis chliseadh na foirne ag Corn an Domhain agus séasúr díomách na gcúigí (Connacht as an áireamh, b’fhéidir). Bhíomar buíoch go maith críochnú ar chomhtharrac ach n’fheadar an bhfuil laethanta órga na himeartha agus na cadrála sleamhnaithe uainn.

Bhí lucht an rugbaí deas cluthair i bhfraitheacha an Avia is iad gléasta go péacógach ina gcultacha ach b’éigean d’Aodán Mac Gearailt , David Henry agus Micheál Ó Domhnaill dul i muinín na gcótaí móra is lá na seacht síon i gCill Airne (GAA Beo, TG4). Mo ghraidhin iad, bhí a gcrústa tuillte go maith acu tar éis an lae. B’fhéidir, i bhfianaise an raidhse stoirmeacha geimhridh go bhfuil sé in am ag TG4 infheistiú i sciobóilín soghluaiste. Pé acu scéal é bhí Ros Comáin tagtha aduaidh faoi stiúir Kevin McStay leis an svae a thabhairt leo i gcoinne Chiarraí. Níorbh aon lá caide é agus cé go raibh an cluiche anamúil go maith le paistí deasa imeartha níl aon chomparáid leis an ainmhí a chífear i gcorplár an tsamhraidh. Bhí a mbua tuillte go maith ag Ros Comáin, a gcéad mbua sa Ríocht, agus tá ábhar machnaimh ag lucht leanta agus bainistíochta na Ríochta.

Tá Irish TV iad féin ag iarraidh guailleáil isteach i margadh an CLG, margadh atá plódaithe go maith seachas mar a bhí blianta ó shin le RTÉ, Setanta, TG4, TV3 agus Sky anois ag faire ar a chéile agus ar a seans. Chraol an stáisiún cluichí ceannais na gclubanna, caid agus camáin, sóisearach agus idirmheánach i rith na deireadh seachtaine. Dar liom gurb iad na comórtais seo (a tháinig isteach tuairim is deich mbliana ó shin) an t-athrú struchtúrach is fearr a dhein CLG le blianta agus déanann díograis na n-imreoirí ceap magaidh den argóint nach n-éireodh leis an dara comórtas ag leibhéal na gcontaetha.

Dóibh siúd nach raibh an goile sásaithe acu tar éis an méid sin bhíodar in ann fanacht ina suí isteach san oíche le lán a gcuid súl a bhaint as Superbowl 50 (BBC2,) mar a thug na Denver Broncos an svae leo in aghaidh na Carolina Panthers. D’éirigh le Peyton Manning, duine de na ceathrúchúlaithe is fearr riamh, greim a fháil ar fháinne don dara bhabhta agus é ag tarrac ar 40 bliain d’aois.

Tá sos ag teastáil tar éis an méid sin.

Fág freagra ar 'Laethanta órga na himeartha agus na cadrála sleamhnaithe uainn?'