‘Is costasach an nóiméad go leith a bheadh ann’ – ‘Star Wars’ ag fágáil slán le Corca Dhuibhne

Ba ar thalamh de chuid Dhonncha Uí Chorráin ar Cheann Sibéal a bhí an príomláthair scannánaíochta, agus dúirt Ó Corráin go raibh “cuid mhaith tráchta” feicthe aige ó thosaigh an taifeadadh.

StarWarsTuairisc4

“Is costasach an neomat go leith a bheadh ann,” a dúirt an fear ar leis an talamh ar a raibh lucht déanta Star Wars i mbun taifeadta i gCorca Dhuibhne le roinnt seachtainí anuas. Bhí an feirmeoir Donncha Ó Corráin ag tagairt do scéal a bhí ag Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach mbeadh ach nócha soicind de Chorca Dhuibhne le feiceáil ar an scáileán mór nuair a thiocfaidh an chéad scannán eile sa tsraith amach i mí na Nollag 2017 – Star Wars: Episode VIII.

D’fhág lucht déanta an scannáin slán le Corca Dhuibhne inné agus labhair beirt fhear a raibh eolas acu faoi thaifeadadh Star Wars: Episode VIII leis An Saol Ó Dheas ar RnaG inné faoin méid a bhí ag tarlú sa cheantar le cúpla seachtain anuas.

“Chuala ar Raidió na Gaeltachta ach go háirithe go mbeadh nóiméad go leith ann ach bhíomar ag caint le cuid acu agus bhíodar a rá b’fhéidir deich nóimintí ach níl ansan ach tuairimí.

“Mura mbíonn ach neomat go leith tar éis an méid suaitheadh a bhí thuas ann, is costasach an neomat go leith é!” a dúirt Pádraig Firtéar, a bhí fostaithe ag Disney ar feadh roinnt laethanta agus é ag iompar idir dhaoine agus earraí timpeall na háite.

Dúirt sé gur chaith an fhoireann trí thráthnóna ag fanacht le “dul faoi na gréine a fháil i gceart” ach go ndúirt siad go raibh siad “an-sásta” leis ar deireadh.

Dúirt sé le Helen Ní Shé go raibh sé cinnte go raibh daoine mór le rá á n-iompar aige ach nár aithin sé féin iad.

“Níor aithníos aoinne mar ní bheadh aon aithne agam ar aoinne acu san. Chonaiceamar iad agus déarfaidís ‘b’in í an príomhaisteoir’ nó ‘b’in é an fear a dtugann siad Luke Skywalker air’. Bhí sé sin thoir san bhFearann aréir in airde ar charraig, ag féachaint ar na ceamaraí agus ag féachaint ar an ngrian ag dul faoi,” a dúirt Firtéar agus é ag trácht ar an aisteoir Mark Hamill, a bhí ag i mbun aisteoireachta i gCorca Dhuibhne agus i nDún na nGall le mí anuas.

Ba ar thalamh de chuid Dhonncha Uí Chorráin ar Cheann Sibéal a bhí an príomláthair scannánaíochta, agus dúirt Ó Corráin go raibh “cuid mhaith tráchta” feicthe aige ó thosaigh an taifeadadh.

Bhí sé ag beathú a chuid caorach a fhad is a bhí an obair mhór ar siúl, ach níor iarradh air oiread is uair amháin an láthair a fhágáil a fhad is a bhí an scannánú ag tarlú.

Beidh Star Wars ag fágáil a chuid talún ar 6 Meitheamh agus cé nár mheas go raibh aon damáiste déanta, bhí díomá ar Dhonncha Ó Corráin nár tugadh cead dó ceann de na coirceoga a tógadh don scannán a choinneáil dá chuid caorach.

“Ní raibh aon cheann acu le fáil. Lorgaíos iad ach ní thabharfaidís.  Bhí mé chun ceann a chur ansan thuas. Níl faic iontu ach píosaí iarainn sa deireadh,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Is costasach an nóiméad go leith a bheadh ann’ – ‘Star Wars’ ag fágáil slán le Corca Dhuibhne'

  • padraig

    Nach iad na suaracháin ó thalamh (nó ón spéir sa chás seo) iad ná tabharfaidís both don bhfeirmeoir sin dá chaoire!

  • Arrgh

    Ah ní bheadh aon tuiscint ag aon duine as Tatooine ar na caoirigh