Iris Ghaeilge sa státseirbhís ‘ag sárú cearta chun dínite san ionad oibre’

Deir Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh, Drew Nelson, gur ‘sárú mór’ ar pholasaí oibre na státseirbhíse é scaipeadh na hirise ‘Líofa’ ar státseirbhísigh

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá ráite ag Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh, Drew Nelson, gur “sárú mór” ar chearta chun dínite san ionad oibre agus ar pholasaí oibre na státseirbhíse é go bhfuil iris Ghaeilge á scaipeadh ar státseirbhísigh.

Is í nuachtlitir  an fheachtais ‘Líofa’ atá i gceist ag Nelson. Is míosachán dátheangach é Líofa, arna fhoilsiú ag an Roinn Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta, ina mbíonn ailt ghairide ó fhoghlaimeoirí Gaeilge atá ag glacadh páirte sa scéim ‘Líofa’, eolas faoi imeachtaí Gaeilge agus nuacht a bhaineann le cúrsaí teanga.

“Sin ábhar nár cheart a bheith sa chúrsaíocht agus níl ár mbaill á iarraidh,” a dúirt Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh i dtaobh na hirise.

Bhí Nelson ag caint faoi thuarascáil nua atá foilsithe ag an Ord Oráisteach ina ndéantar iniúchadh ar an gcaoi a gcaitear le Protastúnaigh sa státseirbhís ó thuaidh.

Rinneadh an tuarascáil thar thréimhse dhá bhliain tar éis don Ord roinnt gearáin a fháil óna mbaill atá ina státseirbhísigh.

I measc na rudaí eile a bhí ag déanamh imní don 25 duine a d’fhreagair ceisteanna mar chuid den tuarascáilm bhí comhráite san ionad oibre faoi chluichí CLG, cártaí Aifrinn, comhráite faoi chóineartú agus oibrithe ag teacht chun na oibre le luaithrigh ar a mbaithis.

Dúirt Nelson gur fhág na nósanna seo uile gur ‘teach fuar’ do Phrotastúnaigh a bhí sa státseirbhís agus go raibh eagla ar oibrithe go dtabharfaí cúl droma dóibh nó go ndéanfaí leithcheal orthu.

“Tá na baill ag rá liom go mbeadh faitíos orthu, go dtabharfaí cúl droma dóibh, agus go mb’fhéidir go ndéanfaí leithcheal orthu, dá ngabhfaidís isteach maidin Luain agus dá dtosóidís ag caint faoi pharáid de chuid an Oird Oráistigh.

“Féachtar ar an Ord mar eagraíocht atá cosúil le CLG agus sin í an fhadhb,” a dúirt sé.

Dúirt an CTR Patsy McGlone (SDLP), áfach, go bhfuil na gearáin faoi chluichí Gaelacha, faoi chártaí Aifrinn agus faoin gcóineartú “maslach, thar a bheith biogóideach agus amaideach ó fhréamh”.

Dúirt sé freisin gur tugadh neamhaird ar an scéal go nglacann go leor Protastúnach le sacraimint an chóineartaithe freisin.