‘In am don Taoiseach ceannaireacht a ghlacadh agus moill eile ar bhille teanga’

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur ‘údar imní’ an mhoill is déanaí ar bhille leasuithe Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an scéala go bhfuil cúrsaí earcaíochta sa státseirbhís á bplé i gcónaí leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

‘In am don Taoiseach ceannaireacht a ghlacadh agus moill eile ar bhille teanga’

Tá sé in am ag an Taoiseach agus ag an Aire Airgeadais ceannaireacht a ghlacadh ar chur chun cinn an bhille a bhfuil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú, dar le hurlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Seanad, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir Gaeltachta gur “údar imní” an mhoill is déanaí ar an mbille agus an scéala go bhfuil ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís á plé i gcónaí leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ní raibh an bille leasuithe luaite  ar liosta thosaíochtaí reachtaíochta an Rialtais do théarma nua na Dála agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo caite go bhfoilseofaí an reachtaíocht teanga i dtús na bliana seo chugainn.

Dar le Ó Clochartaigh gur údar “imní” ar leith é go ndúirt an tAire Stáit go raibh “plé deacair” fós le déanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoin gcuspóir i gceannteidil an bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge.

“Léiriú an mhoilleadóireacht seo ar fhaillí an rialtais i leith na Gaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil meon diúltach sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoin gceist seo agus tá an Roinn sin á húsáid mar leithscéal ag dul siar chomh fada le tréimhse Brendan Howlin mar Aire.

“Tá sé thar am anois ag an Taoiseach agus ag an Aire Airgeadais ceannaireacht a ghlacadh ar chur chun cinn na reachtaíochta, má tá siad dáiríre ar chor ar bith faoi seo,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta McHugh an tseachtain seo caite go raibh gá le tréimhse chomhairliúcháin le ranna rialtais faoina bhfuil beartaithe sa Bhille agus faoi na dualgais a leagfar ar chomhlachtaí poiblí.

Luaigh sé go sonrach an plé atá le déanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí faoi cheist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís, agus thug an tAire le fios gur plé “deacair” a bheadh ansin. Suas le trí mhí a mhairfidh an tréimhse chomhairliúcháin leis na ranna rialtais eile.

Tá sé bliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”.

De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasuithe eile in 2014 le linn do McHugh a bheith ina Aire Stáit Gaeltachta den chéad uair ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i mí Bealtaine go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Beidh an Bille á chur faoi bhráid an dá fhochoiste rialtais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu.

Cuireadh deireadh i mí Iúil leis an gcoiste Rialtais don Ghaeilge, an coiste is sinsearaí sa státchóras a bhíodh ag plé le cás na teanga.

Fógraíodh go mbeadh cúram na Gaeilge feasta ar an gcoiste a bheidh ag déileáil le Polasaí Sóisialta agus Seirbhísí Poiblí agus an coiste a bheidh ag déileáil leis an Gheilleagar, Fostaíocht, an Breatimeacht agus an Plean Gníomhaíochta Forbartha Tuaithe.