Is é mo laoch Ivan Connaughton, iarrthóir Fhianna Fáil san fhothoghchán i Ros Comáin/Liatroim Theas. Chuir fuarchúis agus faillí an Rialtais a oiread sin feirge air gur chuir sé peann le pár, nó méar le méarchlár, agus chuir a racht de go fileata:
Tá an teanga neamhaird a léiríonn an easpa measa críochnaithe tá sé ar siúl i ag an rialtas. Mar shampla, a cheapadh mar Aire Gaeltachta Joe McHugh, TD, nach bhfuil líofa sa Ghaeilge, bhí nach bhfacthas riamh roimhe.
Gearán faoi lagchumas Gaeilge a scríobhadh i mBéarla (is cosúil) is a cuireadh trí inneall aistriúcháin Google – is i ré na hiar-íoróine a mhairimid gan amhras.
A chead ag na polaiteoirí a bheith ag gogalach is ag gúgláil leo is gan aird ag aon duine orthu, ach is é an donas ar fad mar atá Google Translate i ndiaidh greim gnáis a fháil ar eagraíochtaí na hearnála poiblí.
Fágaimis ar leataobh an díospóireacht faoin méid aistriúcháin ba cheart a dhéanamh faoi bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Ní mheasaim féin gur fiú Gaeilge a chur ar thuarascálacha teicniúla de chuid Údarás Eitlíochta Éireann, cuir i gcás. Ach custaiméirí de chuid Uisce Éireann atá ag iarraidh a fháil amach conas na billí a choinneáil íseal, tá siad i dteideal treoir níos fearr ná ‘Bí uisce cliste.’ (Be water smart)
Ní mhaím gur le holc don Ghaeilge a théann státseirbhísigh i muinín Google Translate.
Go rómhinic ar fad, fágtar an fhoilsitheoireacht dhátheangach faoi oifigigh nach bhfuil taithí ná tuiscint acu ar bhunchoincheapa aistriúcháin.
Dar leo gur Dia a chuir chucu an bréagán seo le go mbeidh siad ábalta tic a chur i mbosca an dátheangachais gan oiread na fríde den bhuiséad a chur amú.
Le linn na conspóide faoi Shéala Aistritheoirí Fhoras na Gaeilge, níor luadh an lúb ar lár is follasaí sa chóras ar fad: caithfidh aistritheoirí a bheith creidiúnaithe le hobair a fháil ó chomhlachtaí Stáit, ach níl aon dualgas ar chomhlachtaí Stáit aistritheoirí creidiúnaithe a úsáid.
Dá mbeadh meas ag an Stát ar an Ghaeilge, d’ordófaí d’eagraíochtaí sos a thabhairt don inneall aistriúcháin agus féachaint chuige gur téacsanna sothuigthe a chuirtear i láthair an phobail. Ach ní fiú smug cait í an Ghaeilge i measc ardfheidhmeannaigh an Stáit.
Faoin phobal a bheidh sé gearáin a sheoladh chuig an Choimisinéir, a chur ar a súile d’eagraíochtaí gur gibiris atá ar an suíomh Gréasáin acu agus, mura bhfuil toradh air sin, iad a náiriú.
B’fhéidir gur cheart do Tuairisc.ie comórtas a reáchtáil don téacs Gaeilge is dothuigthe: ‘Seafóid na Seachtaine’ nó ‘Mungailt na Míosa’. Sin nó ‘Buantrófaí Ivan Connaughton’.
– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.
Séamas Mac Coitir
Tagaim go huile agus go hiomlán leis alt breá atá scríofa ag Antain Mac Lochlainn faoi staid na Gaeilge i láthair na huaire. Nil aon tuiscint acu ar dhul na Gaeilge. Goilleann sé ar mo chluasa a bheith ag éisteacht leo, agus iad ag plobaireacht go húdarasach i nGaeilge a chodail amuigh! Is náire shaolta é, ach is cosúil gur bheart gan leigheas é gan aon agó. Is é an scannal é go bhfuil aos óg na hÉireann leis an mbrilléis leibideach a bhíonn ar siúl ag na polaiteoirí, múinteoirí srl. go ginearálta. Go sabhála Dia an Ghaeilge as an anachain in bhfuil sí faoi láthair! S. Mac Coitir.
Philip
Maidir leis an chomórtas don Ghaeilge is measa a luaigh Antain san alt, an gá tochailt níos doimhne ná an téarma atá ag focal.ie ar UFO an Bhéarla, mar atá úfó, uimhir iolra, úfónna.
Níl a fhios agam faoin spéir cad é a bhí ar bun ag an choiste téarmaíochta an tráthnóna a chum siad an giorrúchán sin, agus is maith is eol dom an teanga ar a raibh a n-aird.