Tá cúig amhrán déag ar an ngearrliosta do Chomórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach na bliana seo agus scríbhneoirí amhrán ó cheann ceann na tíre san iomaíocht.
Beidh an comórtas féin ar siúl in Amharclann GB Shaw i mbaile Cheatharlach Dé Sathairn an 25 Eanáir agus is iad an ceoltóir John Spillane, agus na láithreoirí raidió Shannon Redmond (KCLR96fm) agus Louise Cantillon (TodayFM) na moltóirí
Cuireadh os cionn 30 amhrán isteach ar an gcomórtas i mbliana agus roghnaíodh an 15 amhrán is fearr le bheith páirteach sa chraobh bheo. Bronnfar duais airgid €1,000, chomh maith leis an trófaí náisiúnta ar chumadóir an amhráin a bhuafaidh an chéad áit sa chomórtas. Bronnfar duaiseanna freisin ar chumadóir an amhráin a thiocfaidh sa tríú háit agus ar chumadóir an amhráin a thiocfaidh sa dara háit.
Rachaidh an t-amhrán a mbeidh an lá leis ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl i gCeatharlach faoi Cháisc, áit a mbeidh sé san iomaíocht le buaiteoirí na gcomórtas náisiúnta in Albain, an Bhreatain Bheag, Manainn, Corn na Breataine, agus an Bhriotáin. Beidh duais €1,500 agus trófaí idirnáisiúnta an chomórtais le gnóthú ansin.
Is é Ollie Hennessy a bheidh ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas náisiúnta i gCeatharlach agus is “ar fheabhas na bhfocal, an cheoil, agus an cur i láthair” a mheasfaidh moltóirí na hÉireann na hamhráin.
Cuirtear fáilte roimh amhrán den uile sheánra ag an gcomórtas amhrán nua-chumtha – idir amhráin thraidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac, rap, snagcheol agus eile. Tá scríbhneoirí amhrán as Conamara, Gaillimh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, an Clár, Maigh Eo, Ceatharlach, Loch Garman, agus Cill Chainnigh ar ghearrliosta na bliana seo:
Aodhla, Damian Mac Gabhann, Baile Átha Cliath
Fágtha Gan Freagraí, Áine Durkin, Conamara/Dún na nGall
B’fhéidir Gur Féidir, Oisín Mac Cinnéide agus mic léinn, Gaelcholáiste Cheatharlach
Mise Á Rá Leat, Tony Dunne, Baile Átha Cliath
Ciall Agus Réasún, Paul Kelly, Baile Átha Cliath
Banríon Mhór Ríoga, Fergal Canton, Cill Chainnigh
Ag Fágáil Thú, MJ Mac Pháidín, Dún na nGall
Féileacán, Áine Marie Ní Chonchubhair, Conamara
Stáisiún Traenach, Emer O’Flaherty, An Clár
An Biorán 3 Dhath, Paul Byrne, Baile Átha Cliath
An Gealbhan, Éire agus Culainn Ó Faoláin, Loch Garman
An Áit Is Sona, Shea Tomkins, Loch Garman
Caill Sé Féin, Alanagh Ní Ghríofa, Conamara
Amhrán na dTonn, Sharon Ní Chuilbín, Maigh Eo
Ar An Trá Thall, Caitríona Lane, Gaillimh
Fág freagra ar 'Gearrliosta na n-amhrán do chomórtas náisiúnta amhrán na Féile Pan-Cheiltí fógartha'