Tá a fhios againn go léir an seanscéal grinn: nuair a thugann tír i reifreann Eorpach an toradh ‘mícheart’, vótálann an tír arís go dtí go bhfaigheann siad “ceart” é.
Rinne siad amhlaidh i gcás na hÉireann maidir le Conradh Liospóin is Conradh Nice, ach anois is cosúil nach bhfuil an tAE ag iarraidh fanacht ar an toradh mícheart. Bíonn beart faoi leith ann roimh ré.
Tóg cás na Rómáine. Cuireadh an toghchán uachtaránachta ar ceal le déanaí nuair a bhuaigh Călin Georgescu, ceannaire comhrialtas náisiúnach Ceart, an chéad bhabhta.
Cuireadh na toghcháin uachtaránachta ansin ar ceal ar an mbonn go ndearna TikTok agus an Rúis eolas bréagach a scaipeadh. B’fhéidir é, ach údar imní é a cheapadh gur cuireadh toghchán ar ceal toisc go ndúirt duine éigin rud éigin ar TikTok.
Bímis soiléir, ní raibh aon leid ann gur rigeáladh an bhallóid. Bhuaigh Georgescu an chéad bhabhta go cothrom cóir. Ba í an tuiscint a bhí taobh thiar de thacaíocht an AE chun an toradh a chur ar neamhní ná go raibh vótóirí ródhúr lena n-intinn féin a dhéanamh suas.
Tá an athimirt le bheith ar siúl ar an 4 Bealtaine, agus babhta réitigh coicís ina dhiaidh sin. De réir na bpobalbhreitheanna is é Georgescu an t-iarrthóir is dóichí a bhuafaidh, ach tá bunaíocht pholaitiúil na Rómáine meáite fós ar bhealaí a aimsiú chun é a dhíbirt.
Nocht Thierry Breton, iarChoimisinéir Eorpach na Fraince, meon an Aontais Eorpaigh le linn agallamh teilifíse a rinneadh le déanaí. “Rinne muid é sa Rómáin agus is léir go ndéanfaimid é sa Ghearmáin más gá,” a dúirt sé. I bhfocail eile, más rud é nach féidir leat an lámh in uachtar a fháil ar an eite dheis i bhfad amach cuir cosc orthu.
Tá cleasaíocht den chineál céanna ar siúl ag an AE i gcoinne rialtas na hUngáire agus rialtas na Slóvaice, agus, go deimhin, taobh amuigh den Aontas i gcoinne rialtas na Seoirsia.
Má ghlacann aon rialtas nó aon iarrthóir le post rialtais in aon tír le polasaithe nach dtéann le comhthuiscint an Aontais, deirtear ar an toirt gur dream frithdhaonlathach iad is gur cheart iad a cheansú.
I gcásanna áirithe is fíor go mbaineann na páirtithe atá á gcáineadh leis an eite dheis i bhfad amach, ach i gcásanna eile níl ann ach nach n-aontaíonn siad le dearcadh an AE faoi cúrsaí inimirce nó faoi chogadh na hÚcráine.
Ach is cuid den bholscaireacht é aon difríocht eatarthu a dhoiléiriú.
Ag deireadh thiar, áfach, an le cosc is le cinsireacht a bhuafar orthu siúd a bhfuil dearcadh éagsúil acu ó dhearcadh oifigiúil an AE? An pobalach ar an eite dheis gach easaontóir san Eoraip?
Agus an ar Tik Tok nó X nó Facebook amháin a bhíonn tuairimí gan bhunús? An fíor go dtugann na meáin thraidisiúnta gach taobh de gach scéal le go mbeidh an pobal in ann a dtuairim féin a dhéanamh suas faoi scéal ar bith? Ní dóigh liom é.
Tá na meáin thraidisiúnta faoi úinéireacht phríobháideach díreach mar atá TikTok, X is Facebook. Úinéirí maithe a thaobhaíonn leis an AE; drochúinéirí iadsan nach dtaobhaíonn.
Sin é an fáth go bhfuilimse, agus roinnt daoine eile ag aontú liom, ceapaim, amhrasach faoi dhlíthe a rith le caint fuatha a chur faoi chois. Ní thaitníonn ciníochas ná beag is fiú a dhéanamh de chine ar bith liom, ach cé a déarfaidh go bhfuil caint fuatha ann nó nach bhfuil?
An puipéad ar teaghrán ag Putin gach duine a labhraíonn amach faoi chogadh na hÚcráine nó a dhiúltaíonn glacadh gan cheist le líne oifigiúil an AE?
Nó an cóir díospóireacht oscailte a dhéanamh faoi gach scéal agus glacadh le toradh toghcháin, fiú má roghnaíonn an pobal an taobh mícheart? Sea, ceapaimse gur roghnaigh muid in Éirinn an taobh mícheart sa toghchán is deireanaí, ach an cosc is cinsireacht an bealach is fearr le deireadh a chur le rialtas FF agus FG? Nó trí dhíospóireacht is meas ar chinneadh an phobail?
Nach mar an gcéanna is cóir an scéal a bheith ar fud na hEorpa?
Tá polaitaíocht ghránna ann, cinnte. Is fuath liomsa ciníochas, ach is fearr díospóireacht a dhéanamh faoi na hábhair a chuireann imní ar dhaoine ná cosc a chur orthu gan labhairt faoina bhfuil ag cur as dóibh.
Is é sin mura mbíonn polaitíocht an Aontais Eorpaigh bunaithe ar dhíospóireacht oscailte, is bunaithe ar bhréaga is cleasa a bheidh sé.
An bhfuil daoine níos oilte ná muid féin ag teastáil uainn, agus ag teastáil ó mhuintir na Rómáine freisin?
Tony
Mar sin tá gach rud coibhneasta. Níl aon chaighdeáin, aon mhoráltacht, tá an fhírinne suibiachtúla. Ádh mór leis sin. Tá sé ceart go gcuirfí ar ceal iad nuair nach mbíonn cloí leis na rialacha.