Gearán faoi ‘mhí-iompar tromchúiseach’ comhalta Boird á fhiosrú ag Foras na Gaeilge

Tá na líomhaintí, a bhaineann le cuairt ar oifigí Gaelscoileanna Teo, séanta as éadan ag Éamonn Ó Gribín, an comhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge atá ar thréimhse fionraíochta faoi láthair

Gearán faoi ‘mhí-iompar tromchúiseach’ comhalta Boird á fhiosrú ag Foras na Gaeilge

Tá sé curtha i leith comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge i litir ghearáin go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus é ar cuairt ag oifigí na heagraíochta Gaelscoileanna Teo i mí an Mheithimh.

Tá na líomhaintí seo séanta as éadan ag Éamonn Ó Gribín, an comhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge atá ar thréimhse fionraíochta faoi láthair.

Tá sé curtha i leith Uí Ghribín go bhféadfadh go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha do ‘dhea-cháil’ Fhoras na Gaeilge ag baint leis an mí-iompar atá curtha ina leith sa litir ghearáin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna fostaí de chuid Gaelscoileanna Teo gearán i scríbhinn le Foras na Gaeilge faoi Ó Gribín i ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar an eagraíocht ar an 13 Meitheamh.

Tá na líomhaintí sa litir ghearáin sin séanta go láidir ag Éamonn Ó Gribín atá ar fionraí ó Bhord an Fhorais fad is atá fiosrúchán ar bun faoi na líomhaintí.

Ba i ndiaidh cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ar an 1 Iúil a cuireadh na líomhaintí seo ar a shúile do Ó Gribín.

Tuigtear gurb é Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais, a chuir Ó Gribín ar an eolas faoin litir ghearáin ón gceanneagraíocht Ghaeilge agus gur ceistíodh an comhalta boird faoina chuairt ar oifigí Gaelscoileanna Teo. Bhí comhalta boird eile, Seán Micheál Ó Domhnaill, in éineacht le hÓ Cuinn nuair a ceistíodh Ó Gribín faoi na líomhaintí.

Shéan Ó Gribín líomhaintí na litreach nuair a labhair sé le Ó Coinn agus Ó Domhnaill.

Nuair a labhair Tuairisc.ie tráthnóna inné le hÉamonn Ó Gribín faoi na líomhaintí atá curtha ina leith, shéan sé “go hiomlán iad”.

Dúirt sé nach raibh aon chinneadh déanta go fóill aige maidir le hachomharc a dhéanamh mar gheall ar na líomhaintí sin, toisc nach raibh toradh an fhiosrúcháin ar fáil go fóill.

Dúirt sé nach raibh aon bhaint ag an scéal lena chúraimí mar chomhalta de Bhord an Fhorais agus nach thar ceann an Fhorais a bhí sé i mbun cumarsáide leis an eagraíocht a bhí i gceist.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur thug Bord an Fhorais rabhadh scríofa do Ó Gribín faoi ábhar eile in 2013. Cuireadh ina leith an uair sin go ndearna sé iarracht ball foirne de chuid an Fhorais a ‘smachtú’.

Bunaíodh fiosrúchán an uair sin chun na líomhaintí sin a scrúdú.

Tuigtear gur bhain na líomhaintí in 2013 leis an gcumarsáid a bhí ag Ó Gribín le ball foirne de chuid an Fhorais féin i dtaobh eisiúint preasráitis ar mhaígh an comhalta boird eolas míchruinn a bheith ann.

Rinne Ó Gribín achomharc i gcoinne an rabhaidh agus mar thoradh ar an achomharc sin cuireadh an rabhadh ‘ar ceal’ agus ‘glanadh’ na líomhaintí a cuireadh ina leith den taifead sa bhliain 2015.

Tuigtear nach rabhthas sásta gur cloíodh leis na nósanna cuí le linn an phróisis smachtaithe i gcoinne Uí Ghribín agus nach raibh ‘aon chás ann’.

I ndiaidh an achomhairc sin, agus an fiosrúchán a lean, moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar rialacha agus nósanna imeachta an Bhoird.

Nuair a tháinig sé chun solais ar Nuacht TG4 an tseachtain seo caite go raibh comhalta Boird curtha ar fionraí, tuairiscíodh gur lorg Foras na Gaeilge cead ón gCoiste Aireachta Thuaidh Theas bliain go leith ó shin rialacha nua a thabhairt isteach chun déileáil le ceisteanna smachta i gcás comhaltaí boird.

Ní raibh Foras na Gaeilge sásta aon ráiteas a thabhairt faoin scéal toisc gur bhain sé, a dúradh, le gnóthaí “inmheánacha” an Fhorais.

Cé nach raibh Ó Gribín sásta sonraí na líomhaintí a phlé le Tuairisc.ie tráthnóna inné, mhaígh sé go raibh iarracht ar bun ag Foras na Gaeilge é a chur ina thost agus é a stopadh ó bheith ag “gníomhú mar bhall éifeachtach den bhord”. Séanann Foras na Gaeilge an líomhain atá déanta ag an gcomhalta.