FÍSEÁN/Aitheasc an Uachtaráin: ‘Íosa gan dídean ag brath ar fhéile strainséirí’

Teachtaireacht Nollag speisialta ó Uachtarán na hÉireann

A Chairde anseo in Éirinn, agus thart timpeall an domhain, mar Uachtarán na hÉireann, is cúis áthais dom mo bheannachtaí a chur chugaibh agus guím Nollaig shona, shíochánta agus Bliain Nua mhaith daoibh.

Is am speisialta dúinn go léir í an Nollaig. Is am ceiliúrtha atá inti, ina mbímid gar dá chéile agus dóchasach faoina bhfuil amach romhainn. Am, freisin, é le díriú ar an teachtaireacht atá sa scéal faoin leanbh sa mhainséar, a saolaíodh do thuismitheoirí gan dídean, agus iad ag brath ar fhéile strainséirí.

Is scéal é atá ábhartha dúinn sa lá atá inniu ann, agus tá teachtaireacht ann dúinn go léir, pé cúinsí a bhaineann linn agus pé creideamh atá againn. Is teachtaireacht í, ina dtugtar ár ndúshlán tabhairt faoin ngníomh morálta, agus ina dtugtar misneach dúinn maidir lenár n-acmhainn. Tá tús nua agus síocháin i gceist leis an teachtaireacht chéanna.

Agus deireadh ag teacht leis an mbliain seo agus tús le bliain nua, ag smaoineamh ar an aisling sin, ‘Síocháin ar Domhan’, nára fada uainn í. Sa bhliain atá caite, chonaiceamar foréigean agus fulaingt uafásach i dtíortha mar an tSiria, Éimin agus an Iaráic ach, chomh maith leis sin, níos gaire don bhaile in Iostanbúl, Nice, an Bhruiséil agus san iliomad cathracha agus bailte eile nach iad.

I dtíortha éagsúla ar fud an domhain, tá níos mó páistí agus mná fós faoi chois, iad ag maireachtáil ar éigean sna campaí do theifigh, daoine ag teitheadh óna mbailte

de bharr coimhlintí agus tubaistí.

Táthar fós ag fanacht le freagairt dhomhanda chomhbheartaithe ar staid dhaonnúil na milliún duine leochaileach gan chosaint.

Tá cúinsí breithe Chríost, a raibh eisimirce éigeantach, easpa dídine, agus easpa cumhachta ag baint leo, á dtaispeáint arís ar fud an domhain maidir leis an

droch-chaoi atá ar imircigh – leanaí agus páistí ina measc – agus iad ag fanacht, agus gan a fhios acu céard atá i ndán dóibh.

Tá go leor daoine in Éirinn chomh maith, a bhfuil imní orthu faoina bhfuil amach rompu. Ní fios céard atá i ndán dúinn sa bhaile agus ar fud an Aontais Eorpaigh, mar a bhfuil daoine ag streachailt leis an ngeilleagar agus an saol sóisialta.

Agus a bhfuil fórsaí nua ann ag iarraidh leas a bhaint as seandeighiltí, nó deighiltí nua a chruthú, agus úsáid á baint acu fiú as an gciníochas gránna agus an t-eisiamh eitneach.

Sa bhliain áirithe atá caite, bliain chomórtha agus mhachnaimh, cuireadh i gcuimhne dúinn cé chomh luachmhar agus atá ár saoirse againne.

Rinneamar comóradh ar an gcaoi ar chuir grúpa beag ban agus fear, tús le sraith eachtraí céad bliain ó shin, arbh astu a tháinig Stát neamhspleách ar deireadh.

Agus sin á dhéanamh againn, rinneamar ceiliúradh ar ghnéithe dár stair ar féidir leo údar bróid agus muiníne a thabhairt dúinn, chomh maith le treoir don am atá amach romhainn.

Rinneamar machnamh, freisin, ar ghnéithe dár stair a bhí ligthe i ndearmad, a bhí seachanta againn nó fiú a raibh beag is fiú déanta againn díobh.

Agus sinn ag tabhairt ár n-aghaidh ar bhliain nua, is dúshlán dúinn glacadh chugainn féin an rud atá nua. Tá misneach uainn chun pé rud nár chun ár leasa é a fhágáil inár ndiaidh, agus tá inspioráid uainn le caidreamh nua a bhunú eadrainn agus leis an bpláinéad leochaileach a bhfuilimid ag maireachtáil air.

Mheabhraigh Nelson Mandela agus an tArd-Easpag Desmond Tutu dúinn gur duine, duine trí bhíthin daoine eile. Ba cheart go gcuirfeadh an tuiscint bhunúsach seo, ar thábhacht ár ngrá dá chéile agus ár spleáchais ar a chéile, bonn eolais faoinár bpleananna agus ár ngníomhartha, agus go dtabharfadh sé an ghaois dúinn chun múnlaí agus beartais nua a chruthú a chinnteoidh go mbeidh pé gníomh a dhéanfaimid sa bhaile agus thar lear cuimsitheach agus uileghabhálach.

Is í an dlúthpháirtíocht cuisle ár sochaí. Tá an nasc eadrainn níos láidre ná a cheapaimid, agus níos láidre ná é sin a dhéanann deighilt eadrainn ó am go ham. Is dúshlán dúinn an domhan casta ina mairimid, ach ní dúshlán níos mó é ná na dúshláin a bhí roimh na glúine a chuaigh romhainn agus ar éirigh leo iad a shárú, 

ná gluaiseachtaí cróga na ndaoine sin a bhí faoi chois i stair an domhain.

Is í mo mhian, an Nollaig seo dhá mhíle is a sé déag, go leanfaimis ar aghaidh i gcomhar lena chéile, chun fíorphoblacht  a bhí mar aisling ag ár sinsir a thógáil, a mbeadh luachanna, féidearthachtaí agus freagrachtaí na haislinge sin cuimsithe inti.

Guím Nollaig bheannaithe shona agus Bliain Nua, ina mbeidh dóchas agus muinín agaibh arís i dtodhchaí na hÉireann, ar gach uile dhuine beo agaibh.

Beir Beannacht.