FÍSEÁN: ‘Well I don’t know what language that is…’ – gníomhaí aontachtach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Deir Seanadóir Gaeltachta gur cheart do Willie Frazer tamall a chaitheamh le cainteoirí Gàidhlig na hAlban i bhfianaise físeáin a roinn an gníomhaí aontachtach ar na meáin shóisialta

FÍSEÁN: ‘Well I don’t know what language that is…’ – gníomhaí aontachtach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Ba chóir do Willie Frazer, an gníomhaí aontachtach as contae Ard Mhacha, dul anonn go hAlbain agus tamall a chaitheamh le daoine atá ar aon intinn leis ó thaobh na polaitíochta agus an chreidimh de, dar le Seanadóir de chuid Shinn Féin.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, as an gCeathrú Rua, gur léiriú a bhí in iompair Frazer i bhfíseán a roinneadh ar leathanach Facebook ar “dhearcadh áirithe atá ag daoine áirithe i leith na Gaeilge” in Éirinn, ach dearcadh nach luíonn leis an meon atá in Albain.

“Cuirimse leithéidí Willie i gcomparáid le lucht labhartha na Gàidhlig in Inse Ghall agus sna hoileáin eile ó thuaidh. Rinne mise go leor oibre le daoine thuas ansin, agus cuid mhaith den dream a riabh mé ag comhoibriú leo bhain siad leis an Eaglais Phreispitéireach agus an pobal Aontachtach. Bheadh go leor leor i gcoitinne acu leis an dream ó thuaidh, ach amháin go labhraíonn siad an Ghàidhlig.

“Tá cultúr i bhfad níos leithne ag baint leis an nGàidhlig in Albain ná mar a bhaineann leis an nGaeilge ó thuaidh, agus tá daoine áirithe anseo fós a chuireann bac ar fheabhsú. Níl Willie Frazer ag cuidiú le cúrsaí nuair a dhéanann sé beag is fiú den teanga,” a dúirt Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Dúirt sé gurbh fhiú do Frazer dul ar cuairt ag na bailte sin in Albain a bhfuil an Ghàidhlig á labhairt iontu ach a bhfuil “cultúr láidir iontu ar macasamhail de chultúr na nAontachtach in Éirinn é”.

“Dá gcaithfeadh sé tamall in Albain, d’fheicfeadh sé an Ghaeilge crochta ar shiopaí, ar chomharthaí bóthair, ar phóstaeir agus in áiteanna eile nach mbaineann de chultúr aontachtach na mbailte ná na ndaoine,” a dúirt sé.

Chuir Frazer físeán de féin agus a lucht tacaíochta agus iad taobh amuigh d’oifigí na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar Facebook an tseachtain seo. San fhíseán, míníonn Frazer dá lucht féachana gur taobh amuigh den Roinn sin atá sé, ach nuair a shíneann sé a mhéar i dtreo an chomhartha ar an doras, ligeann sé air féin nach n-aithníonn sé an Ghaeilge.

“Well, the ball is over to the Foreign Affairs Department over there…well I don’t know what language that is…the ball is in their court now,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Well I don’t know what language that is…’ – gníomhaí aontachtach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha'