Fiacla geala glana ar phraghas níos réasúnta

Cé go bhfuil costas mór ag baint leis na táirgí cúram fiacla atá aimsithe ag ár gcomhfhreagraí sna siopaí, deir sí go bhfuil siad ar fáil ar líne ar phraghas réasúnta

Fiacla geala glana ar phraghas níos réasúnta

Is cuma cé chomh hálainn is atá ár gcuid éadaigh agus ár smideadh, ní bheidh snas faiseanta ar dhuine mura bhfuil a gcuid fiacla glan agus sláintiúil. Tá an miongháire a bhíonn ar dhuine ar an gcéad rud a thugtar faoi deara i gcónaí. Ar ndóigh, tá tábhacht mhór le cuairteanna rialta ar an bhfiaclóir ach tá forbairtí nua teicneolaíochta ar fáil anois a chabhróidh le duine a gcuid féin a dhéanamh lena gcuid fiacla a choinneáil geal agus glan.

Tá trí cinn de tháirgí gurbh fhiú do dhuine triail a bhaint astu le líon na gcuairteanna ar an bhfiaclóir a laghdú ach gan dochar a dhéanamh do na fiacla.

Tá cuid de na táirgí seo sách daor faoi láthair agus cé go gceapaim gur infheistíocht mhaith a bheadh iontu, measaim go mbeidh siad níos saoire nuair a bheidh an teicneolaíocht nua atá i gceist iontu ar fáil níos coitianta.

1. Scuab fiacla leictreach Oral B Genius 9000 

Deir lucht a dhéanta go bhfuil an deis seo cosúil le d’fhiaclóir féin a bheith agat sa mbaile! Is uirlis ‘chliste’ í seo mar go bhfuil teicneolaíocht i gceist inti a sheolann tuairisc trí Bluetooth chuig aip ar d’fhón póca le linn duit a bheith ag glanadh do chuid fiacla. Is cosúil go bhfágann 80% do dhaoine roinnt plaic ina ndiaidh ar a gcuid fiacla ach tugann an scuab fiacla leictreach seo eolas duit má tá aon chuid de do chuid fiacla ligthe i ndearmad agat. Tugann an scuab tuairisc duit freisin má tá an iomarca brú á chur agat ar do chuid fiacla nó ar do dhrandal. Tá costas €400 ó Boots uirthi ach measaim go laghdóidh an praghas sin in imeacht aimsire. Go deimhin, tá an scuab fiacla ceannann céanna le fáil ar Amazon ar £139.99.

2. Philips Sonicare AirFloss Power Flosser

Deir Philips go n-éireoidh leis an meaisín beag cumhachtach seo 99% níos mó plaic a bhaint de do chuid fiacla ná mar a dhéanfá le gnáthscuab aisti féin. Déantar uisce a scairdeadh faoi bhrú ón ngléas seo leis an oiread sin fuinnimh go nglanann sé aon rud atá i ngreim idir na fiacla, plaic agus bia san áireamh. Deirtear gur féidir leis an gcóras seo athrú suntasach a dhéanamh ar shláinte na bhfiacla tar éis coicíse. Ní thógann sé ach 30 soicind do bhéal iomlán a ghlanadh leis an gcóras agus fiú an té nach gcleachtainn úsáid rialta a bhaint as flas ar a gcuid fiacla bíonn siad an-tógtha leis an meaisín seo agus na torthaí a thugann sé.  €73 an costas atá air.

3. Popwhite Whitening Primer

As Meiriceá a thagann an taos fiacla seo ar a bhfuil dath corcra! Cé go mbreathnaíonn sé aisteach ar dtús tá comhábhar ann le gealadh suntasach a dhéanamh ar do chuid fiacla. Baintear úsáid sa táirge seo as an gcoincheap ar a dtugtar ‘colour correcting’, atá coitianta go maith i gcás smididh agus seampú gruaige. Saineolaí smididh agus eolaí fiaclóireachta a d’oibrigh le chéile leis an taos fiacla seo a fhorbairt. Thar aon rud eile is ceart a rá nach bhfuil aon sárocsaíd sa táirge seo, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-sábháilte le húsáid. Thart ar €20 an costas atá air.

Fág freagra ar 'Fiacla geala glana ar phraghas níos réasúnta'