Fear Gaeltachta díbeartha as Meiriceá ag na húdaráis inimirce

Bhí John Cunningham as Gaeltacht Thír Chonaill ina chónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó bhí 1999 ann. Chuaigh sé anonn ar chlár víosa ach níor fhág sé an tír nuair a chuaigh an víosa sin in éag

Fear Gaeltachta díbeartha as Meiriceá ag na húdaráis inimirce

Tá John Cunningham, an fear as Gleann Cholm Cille i nGaeltacht Dhún na nGall a gabhadh an mhí seo caite i Meiriceá mar gheall ar shárú ar dhlíthe inimirce, curtha abhaile ag údaráis imirce na Stát Aontaithe.

Cuireadh abhaile go hÉirinn Cunningham oíche Dé Céadaoin ar eitilt thráchtála. Bhí sé ina chónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó bhí 1999 ann. Chuaigh sé anonn ar chlár víosa ach níor fhág sé an tír nuair a chuaigh an víosa sin in éag. Ní raibh sé in Éirinn ó bhí 2001 ann.

Is leictreoir é agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Lúthchleas Gael Boston Northeast sular gabhadh é ar an 16 Meitheamh.

Bhí barántas gabhála ann do Cunningham ó theip air a bheith i láthair i gcúirt shibhialta in 2014. Bhí sé le bheith ann mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí oibre. Thug oifigigh inimirce SAM le fios, áfach, nach raibh baint dhíreach ag an mbarántas gabhála sin le díbirt Cunningham as an tír.

Ghlac Cunningham páirt sa chlár The Undocumented a craoladh ar RTÉ níos luaithe i mbliana, agus chuir sé síos ar a shaol mar inimirceach mídhleathach i Meiriceá.

Tuairiscítear go bhfuil eagla anois ar an bpobal Éireannach i mBostún go gcuirfear feachtas géar i bhfeidhm in aghaidh daoine atá ina gcónaí go mídhleathach sa chathair sin. Meastar go bhfuil tuairim is 12,000 Éireannach ina gcónaí i Massachusetts go mídhleathach.

Dúirt Ronnie Millar, stiúrthóir feidhmiúcháin an Irish International Immigration Center i mBostún go bhfuil “an-imní” ar an bpobal Éireannach agus go bhfuil pleananna á gcur le chéile acu ar fhaitíos go ngabhfaí duine a d’fhágfadh clann óg ina dhiaidh.

Dúirt sé gur chóir do dhaoine atá buartha plean a réiteach anois agus iarracht mhór a dhéanamh gan aird na n-údarás a tharraingt orthu féin trí choireanna tráchta nó a leithéid a dhéanamh.

San agallamh a rinne sé le RTÉ do The Undocumented, dúirt Cunningham go raibh súil aige go n-athrófaí na dlíthe inimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go mbeadh deis ag inimircigh mhídhleathacha stádas dleathach a bhaint amach.

Gabhadh 41,000 duine a rabhthas in amhras faoina stádas le linn an 100 lá ó insealbhaíodh Donald Trump ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, méadú 38% ar líon na ndaoine a gabhadh le linn na tréimhse céanna an bhliain seo caite.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta díbeartha as Meiriceá ag na húdaráis inimirce'