€150,000 ceadaithe d’Ionad Gaeilge i dTamhlacht ina mbeidh ‘caifé Gaelach’, siopa leabhar agus amharclann

Cheannaigh Gaelphobal Thamhlachta áitreabh i dTamhlacht dhá bhliain ó shin agus é ar intinn ag an eagraíocht an áit a fhorbairt mar lárionad Gaeilge agus Cultúir an cheantair

€150,000 ceadaithe d’Ionad Gaeilge i dTamhlacht ina mbeidh ‘caifé Gaelach’, siopa leabhar agus amharclann

Tá €150,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, do Ghaelphobal Thamhlachta le hIonad Gaeilge a fhorbairt i dTamhlacht.

Cheannaigh Gaelphobal Thamhlachta áitreabh sa cheantar dhá bhliain ó shin agus é ar intinn ag an eagraíocht an áit a fhorbairt mar lárionad Gaeilge agus Cultúir don cheantar.

Dúirt Pól Ó Meadhra, Cathaoirleach Ghaelphobal Thamhlachta, gur “céim chun cinn do phobal na Gaeilge” a bhí i mbronnadh an deontais inniu.

“Táimid an-bhuíoch den Roinn, agus is céim mhór chun cinn é don Ghaeilge sa cheantar agus do phobal na Gaeilge i dTamhlacht. Is bunchloch de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh a leithéid ann ar fud na tíre agus is maith an rud gur i dTamhlacht a bheidh rud mar é.

“Tá an t-uafás daoine i dTamhlacht a bhfuil Gaeilge mhaith acu mar gheall ar an nGaeloideachas atá sa cheantar agus cuirfidh an t-ionad nua leis an bpobal sin,” a dúirt sé.

Tá cead pleanála faighte cheana féin ag Gaelphobal Thamhlachta don togra agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis an obair faoi thús mhí Feabhra 2017. Beidh ‘caifé Gaelach’, siopa leabhar agus amharclann bheag mar chuid den Ionad Gaeilge nuair a osclófar é faoi lár na bliana seo chugainn.

Dúirt an tAire Kyne go bhfuil sé tábhachtach freastal ar an bpobal Gaeilge atá anois i gceantar Thamhlachta de bharr an fháis atá tagtha ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge ann.

Cheadaigh Comhairle Bhaile Átha Cliath Theas deontas €50,000 do Ghaelphobal Thamhlachta i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite le cabhrú leis an bhforbairt ar an Ionad Gaeilge agus Cultúir.

Dúirt Pól Ó Meadhra le Tuairisc.ie inniu go bhfuil súil ag Gaelphobal Thamhlachta go dtiocfaidh tuilleadh maoiniú ón gComhairle anois agus tacaíocht stáit faighte ag an togra.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “catagóir eile pobail teanga” taobh amuigh den Ghaeltacht agus í mar aidhm sa Straitéis “pobail agus gréasáin nua teanga” a fhorbairt i bpobail uirbeacha.

Fág freagra ar '€150,000 ceadaithe d’Ionad Gaeilge i dTamhlacht ina mbeidh ‘caifé Gaelach’, siopa leabhar agus amharclann'

  • Fionnbarra

    Sár-nuacht! Tá sé seo ag taistáil timpeall na tíre. Beidh mé ag dul amach ar an Luas chun cupán caife a fháil amach anseo :)

  • Fearn

    Sin “caifé Gaelach” a d’ólfainn :-)