Drochseans gur mná rialta a chniotáil geansaithe na Gaillimhe agus Ard Mhacha inniu

D’athanna Charna a bhí ar Ghaillimh nuair a d’imir siad i gcluiche ceannais na hÉireann i 1933 agus na Siúracha Bochta San Clár a d’fhág gur oráiste a bhíonn geansaithe Ard Mhacha

Drochseans gur mná rialta a chniotáil geansaithe na Gaillimhe agus Ard Mhacha inniu

Cuir an mhilleán ar na mná rialta.

Sin a bheas le déanamh sa gcás deacrachtaí a bheith agat ag aon tráth idirdhealú idir na dathanna a bheas ar gheansaithe na Gaillimhe agus Ard Mhacha i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann ar Pháirc an Chrócaigh inniu.

Is aisteach an ráiteas sin, ach is fíor.

Tá a fhios ag an saol Fódhlach go mba clubanna a sheas an fód dá gcontaetha sa gcomórtas sin go dtáinig tús an chéid seo caite. Go fiú nuair a thosaigh coistí contae ag glacadh forlámhais agus nuair a ceadaítí d’imreoirí as cumainn eile cur le neart na gcraobhairí, ba iad dathanna na seaimpíní a fuair onóir i gcónaí.

Ansin ag Comhdháil CLG 1913 glacadh le rún a d’éiligh go mbeadh ar gach contae dath ar leith a roghnú, ceann a bheadh le faomhadh ag leibhéal a gcúige agus le clárú leis an Ardchomhairle.

Dubh agus ómra a roghnaigh Ard Mhacha (dathanna raonaithe Chrois Mhic Lionnáin a bhuaigh craobhacha an chontae sin i 1911,1912 agus 1913) agus ba iad na dathanna sin a chaith foirne an chontae go dtáinig an bhliain 1926 nuair a bhain siad Cluiche Ceannais Sóisearach na hÉireann amach in aghaidh Átha Cliath. Bhuaigh siad freisin, an chraobh náisiúnta ba thúisce a chuaigh go Cúige Uladh ó bunaíodh CLG in 1884.

Seo linn na mná rialta.

Bhí Clochar ag Siúracha Bochta San Clár ar an Ó Méith (Co. Lú) áit atá buailte ar Dheisceart Ard Mhacha – go deimhin níl idir é agus Dromainn Tí, áit dúchais Aaron McKay, lánchúlaí Ard Mhacha inniu, ach tuairim 7 míle.

Ansiúd, sa gciúnas, thug na mná rialta faoi fheisteas nua imeartha a chniotáil (sea léigh tú ceart é an chéad bhabhta…..‘a chniotáil’) d’fhoireann Ard Mhacha a bhí sa gcluiche ceannais. Agus sin déanta bronnadh na geansaithe ar Choiste an Chontae.

Ní móide go raibh a fhios ag an gcoiste sin cén dath a bhí le bheith orthu agus níor mhiste liom mé a bheith i mo chuil ar an mballa ag ar osclaíodh beartán an bhronntanais!

Geansaithe peile chomh maith agus a bhí le fáil in Éirinn ar dhath lonrach an oráiste.

Tá léite freisin agam in áit éicint go mba Lóiste den Ord atá thar a bheith dílis don dath céanna sin a bhronn iad mar chomhartha bráithreachais, ach déarfainn a theanga a bheith ina phluic ag an té a thug aer don scéal áirid sin.

I gCarna a bhí na siúracha a raibh lámh acu i ngeansaithe na Gaillimhe, nó méaracha le bheith ceart cruinn, mar b’amhlaidh a cniotáladh iad sin freisin.

Ba i 1933 a chuaigh siad siúd i mbun oibre.

Go dtáinig an bhliain sin is cosúil gur fanadh dílis i nGaillimh don traidisiún gurbh iad dathanna na gclubanna caithréimeacha a chaitheadh a bpeileadóirí siúd.

Agus iad ag éirí tuirseach den síor-athrú, tháinig Coiste an Chontae ar shocrú go gcloífí le haon cheann amháin feasta. Pé dath a chaithfeadh an club a bhuafadh Chraobh na Gaillimhe 1933 a bheadh i gceist.

Mar a tharla níor imríodh an cluiche ceannais sin go dtáinig mí an Mhárta 1934 – ceann inar bhuaigh Ollscoil na Gaillimhe ar an Dún Mór agus ceann a d’fhág gurb é dath cróndearg na hOllscoile atá á chaitheamh ag Gaillimh ó shin.

Idir an dá linn bhí Craobh Chonnacht 1933 buaite ag Gaillimh agus áit bainte amach acu i gCluiche Ceannais na hÉireann nuair a bhuaigh siad ar an gCabhán ina dhiaidh sin.

Dá bharr sin ní raibh aon bhealach ag an gCoiste Contae an riail faoi na dathanna a chur i bhfeidhm in am don lá mór a thit amach ar an 24 Deireadh Fómhair 1933.

Sa lá atá inniu ann bheadh leathdhosaen comhlachtaí idirnáisiúnta agus earraí bolscaireachta faoina gcuid ascaillí ag réabadh an dorais agus a leithéid de scéala cloiste acu, ach an uair údaí bhaintí bliain nó b’fhéidir blianta as feistis imeartha.

Bhí Coiste na Gaillimhe i bponc – gan a fhios acu cén dath a bhí le caitheamh ar stáitse mór na bliana.

Ní raibh baol ar bith nach bhfaigheadh siad iasacht ó chlub. Ach ansin cén ceann a bhí le roghnú? Ba bhaolach go dtarraingeodh cibé socrú a dhéanfaí achrann agus easaontas i measc chlubanna móra an chontae.

Mná rialta Charna a rinne an tarrtháil, fiú dá mba i ngan fhios dóibh féin a rinne siad amhlaidh.

Ní raibh ann ach go raibh feisteas nua cniotáilte acusan don fhoireann áitiúil – foireann shóisearach a bhí íseal go maith in ordlathas CLG na Gaillimhe agus nach gcuirfeadh a gcuid dathanna mórán as do chlubanna móra an chontae.

Ní móide go mbeifí ar an eolas an feisteas nua a bheith ag Carna beag ná mór murach duine dá gcuid imreoirí, Hugo Carey a bheith ar fhoireann an chontae.

Uaine agus bán a bhí ar na geansaithe a chniotáil na mná rialta agus ba iad a chaith Gaillimh sa gcluiche ceannais in aghaidh an Chabháin. Faraor bhuaigh an Cabhán orthu.

Bliain dár gcionn bhíodar ar ais i bPáirc an Chrócaigh agus iad sa mbabhta ceannais arís, áit ar bhuaigh siad ar Áth Cliath 3-5,1-9. An cróndearg a bhí ar a ndroim an uair seo.

Aguisín:

Dé Domhnaigh seo caite thagair mé don ardbhliain iomána a bhí ag teacht chun críche. Chuir an cluiche ceannais a imríodh i bPáirc an Chrócaigh níos deireanaí an lá sin an dlaoi mhullaigh air. Bhí gach a bhfaca an iomaíocht, ar an láthair nó ar an scáileán, faoi gheasa.

Easaontaíonn mé go láidir leis an riail atá anois ann go mbeadh tréimhsí de bhreis ama i gceist i mbabhtaí ceannais a chríochnaíonn ar comhscór, mar a tharla ansiúd.

Go deimhin, tá sé i ngar de bheith náireach gur 20 nóiméad ina mbíonn imreoirí spíonta ina gcorp agus ina n-intinn, chomh maith le bheith tugtha, leonta, a shocraíonn cé a thugann chun bealaigh an choróin.

Ceap magaidh a bhí ann nuair a chuirtear iomaíocht an tséasúir mar aon leis an ullmhúchán bliana a bhain léi san áireamh.

Is iad na himreoirí féin is mó atá á maslú – amaitéaraigh a bhfuil go leor dá saol pearsanta agus clainne curtha ar athlá acu ar thóir na corónach céanna agus a n-iarrtar orthu a dhul thar fóir.

Beidh tús á chur le Féile Rásaíochta Capall na Gaillimhe amárach. Ach oiread le Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite, tá seans gur ar comhghob a chríochnóidh dhá chapall i rása éigin a rithfear as sin go ceann seachtaine. An féidir leat a shamhlú cén raic a tharraingeofaí dá dtabharfadh na húdaráis riail isteach ag rá go gcaithfeadh an dá chapall ¼ cuid den rás a rith arís láithreach, gan de shos dlite dóibh ach aon slog amháin as an mbuicéad uisce?

Fág freagra ar 'Drochseans gur mná rialta a chniotáil geansaithe na Gaillimhe agus Ard Mhacha inniu'