‘Kneecap’ roghnaithe le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar

Is é Kneecap rogha IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr agus beifear ag súil anois go n-éireoidh leis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam

‘Kneecap’ roghnaithe le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar

Tá an scannán dátheangach Kneecap roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.

Insíonn Kneecap scéal an bhanna rap aitheanta a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as an Tuaisceart.

Is é Kneecap rogha IFTA sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr agus beifear ag súil anois go n-éireoidh leis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí an Mhárta seo chugainn in Los Angeles.

Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ag na gradaim chéanna anuraidh nuair a d’éirigh le An Cailín Ciúin ainmniúchán a fháil.

Seo an seachtú huair ar cuireadh scannán ina bhfuil an Ghaeilge sa treis ann chun cinn do na gradaim Oscar.

Tá ardmholadh tugtha ag léirmheastóirí do Kneecap ó bhí a première ag an scannán a stiúir Rich Peppiatt ag féile cháiliúil Sundance in Utah.

D’éirigh le Kneecap gradaim a bhuachan ag an bhféile sin agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an samhradh seo.

Beidh an scannán le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ón Déardaoin seo chugainn, an 8 Lúnasa. Seoladh i bpictiúrlanna Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu é.

Ar an 17 Nollaig a fhógrófar an gearrliosta d’ainmniúcháin Oscar sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr. Fógrófar na cúig scannán a ainmneofar don ghradam ar an 17 Eanáir 2025.

Fág freagra ar '‘Kneecap’ roghnaithe le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar'