Gaillimh agus Ard Mhacha a bheidh i gcluiche ceannais peile na hÉireann 2024 agus an ceann is fearr faighte ag na Gaillimhigh ar Dhún na nGall i gcoimhlint ghéar i bPáirc an Chrócaigh.
Bhí na foirne ar comhscór deich n-uaire le linn an 70 nóiméad ach sheas an taithí atá ag foireann seo na Gaillimhe i gcluichí móra le roinnt blianta anuas dóibh agus d’éirigh leo an cluiche seo a chasadh ina dtreo in uair na cinniúna.
Bhí Dún na nGall ar fheabhas don chéad 40 nóiméad agus an-chuid deacrachtaí cruthaithe acu do Ghaillimh ach d’imigh an ghaoth as a seolta go mór sa chuid dheireanach den chluiche.
Bheadh na Conallaigh thar a bheith sásta leis an obair a rinneadar sa chéad 40 nóiméad nó mar sin. Nuair a scóráil Patrick McBrearty sa 42ú nóiméad chun a fhoireann a chur chun tosaigh, 0-13 in aghaidh 1-9, bhí dosaen den 13 pointe ag Dún na nGall tagtha ón imirt agus gan ach dhá iarracht curtha amú acu go dtí sin. Thit an tóin astu as sin go deireadh, áfach, agus ní bhfuair siad ach dhá scór ó 11 iarracht sa leathuair an chloig dheireanach.
Mar sin féin, bhí na foirne fós cothrom, 1-12 in aghaidh 0-15, agus 60 nóiméad imeartha. Ansin a thóg Gaillimh ceannas ar chúrsaí. Bhí deis ag Dún na nGall dul chun tosaigh sa 64ú nóiméad ach beidh díomá ar Oisín Gallen, a bhí an-mhaith go dtí sin, gur chuir sé an seans amú. Na Gaillimhigh a chuaigh chun cinn nóiméad ina dhiaidh sin nuair a bronnadh cic saor orthu tar éis do Chiarán Thompson lámh a chur ar an liathróid ar an talamh. Chuir Rob Finnerty an cic éasca thar an trasnán.
Bhuail Paul Conroy an cuaille ina dhiaidh sin agus chuir Daire Ó Baoill iarracht ar fóraoil do Dhún na nGall ach bhí cos amháin sa chluiche ceannais ag Gaillimh nuair a thug Conroy pas do Liam Silke os comhair an chúil. Cé go raibh an cosantóir faoi bhrú, d’éirigh leis an liathróid a sheoladh thar an trasnán chun Gaillimh a chur 1-14 in aghaidh 0-15 chun cinn.
Ba léir go raibh rás Dhún na nGall rite go luath ina dhiaidh sin nuair a lascáil Micheál Langan, a bhí gan locht go dtí sin agus ceithre phointe bbhreá faighte aige, iarracht ar strae agus a cheann fágtha ina lámha aige.
Bhí Dylan McHugh ina fhathach arís ag Gaillimh agus lámh aige in an-chuid den obair mhaith a rinne seaimpíní Chonnacht, go háirithe sa 30 nóiméad deireanach. Ba é a d’aimsigh an pointe comhscóir dóibh sa 43ú nóiméad tar éis scór McBrearty agus chruthaigh imirt chliste idir é féin Paul Conroy agus Liam Silke scór eile don Síodach go gairid ina dhiaidh sin.
Buaileadh buille ar Dhún na nGall nuair a bhí ar Eoghan Bán Gallagher an pháirc a a fhágáil tar éis 47 nóiméad agus cé gur chuir McBrearty na foirne ar comhscór arís, chuireadar roinnt iarrachtaí amú sa tréimhse a lean agus d’oibrigh beirt Chora Finne, McHugh agus Silke, le chéile arís chun seans a thabhairt do John Maher Gaillimh a chur chun tosaigh arís.
D’aimsigh Michael Langan scór breá sa 61ú nóiméad ach bhí air tabhairt faoi na postaí ó i bhfad amach agus ag teip ar Dhún na nGall bearnaí a aimsiú i gcosaint na Gaillimhe.
Ba é Langan an t-imreoir is fearr ar an bpáirc sa chéad leath nuair a bhí Dún na nGall i mbarr a réime. Thosaigh na Gaillimhigh go maith agus chuir pointí ag Dylan McHugh agus Rob Finnert dhá phointe chun tosaigh iad. Chuir Langan agus Oisín Gallen iarrachtaí ar strae sa chéad sé nóiméad.
Shane O’Donnell a d’aimsigh an chéad scór dóibh agus bhain Langan agus Ciarán Thompson leas as an spás a bhí a thabhairt dóibh chun pointí eile a fháil. Nuair a chuir Oisín Gallen scór eile leo, bhí Dún na nGall 0-4 in aghaidh 0-3 chun cinn agus 12 nóiméad imeartha.
Agus 20 nóiméad caite, bhí na foirne ar ais ar comhscór ach tháinig scór cinniúnach ansin agus na Gaillimhigh a fuair é. Agus é faoi bhrú ag cosaint Dhún na nGall, thit iarracht ó Paul Conroy i mbéal an chúil ach tháinig Matthew Tierney trasna na cearnóige agus chuir sé a lámh a chur léi. Ní dhearna Tierney teagmháil leis an liathróid ach chuir sé as do Shaun Patton i gcúl Dhún na nGall agus phreab an liathróid isteach san eangach.
Tháinig Dún na nGall ar ais ar an bpointe le scór ó Patrick McBrearty agus cé gur scóráil Shane Walsh cic saor chun Gaillimh a choinneáil trí phointe chun cinn, d’aimsigh Ciarán Thompson, Caolán McGonagle agus Gallen pointí chun na foirne a chur ar comhscór arís agus cothrom a bhí siad ag leath ama, 0-10 in aghaidh 1-7.
Bhí Seán Kelly ar iarraidh de bharr gortaithe agus bhí leithéidí Shane Walsh agus Damien Comer imeallach go maith sa chéad leath ach bhí siad ag cur srian ar chosantóirí Dún na nGall freisin agus gan an tionchar céanna ag Peadar Mogan, Eoghan Bán Gallagher ná Ryan McHugh ar ionsaithe na gConallach.
Gan na scóranna a bheith ag teacht ón triúr sin, bhí ar imreoirí eile teacht chun cinn do Dhún na nGall ach níor tharla sé. Agus Roinn 2 na sraithe agus Craobh Uladh tugtha leo acu, tá gaisce déanta ag Dún na nGall sa chéad bhliain ar ais ag Jim McGuinness ach tá cuid mhaith eile den bhóthar le taisteal acu go fóill chun cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach.
Gaillimh: C Gleeson; J McGrath, S Fitzgerald, J Glynn; D McHugh (0-2), L Silke (0-2), S Mulkerrin; P Conroy (1-1), J Maher (0-1); M Tierney, C D’Arcy, C McDaid (0-1); R Finnerty (0-3, 0-1 ó chic saor), D Comer, Shane Walsh (0-4, 0-3 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: J Heaney in áit D’Arcy (56 nóim), D O’Flaherty in áit Walsh (62 nóim), J Daly in áit Fitzgerald (65 nóim), K Molloy in áit Comer (70+1 nóim), T Culhane in áit McDaid (70+1 nóim).
Dún na nGall: S Patton; P Mogan, B McCole, E Gallagher; C McColgan, C McGonagle (0-1), R McHugh, M Langan (0-4), J McGee; C Moore, C Thompson (0-2, 0-1 ó mharc), S O’Donnell (0-2); A Doherty, O Gallen (0-3), P McBrearty (0-3, 0-1 ó chic saor). Fir Ionaid: D Ó Baoill in áit McColgan (29 nóim), J Mac Ceallbhuí in áit Gallagher (47 nóim), H McFadden in áit McGee (59 nóim), N O’Donnell in áit McBrearty (59 nóim), O Doherty in áit A Doherty (63 nóim).
Réiteoir: Brendan Cawley (Cill Dara).
Fág freagra ar 'Taithí na Gaillimhe cinniúnach agus Dún na nGall sáraithe acu i gcluiche leathcheannais na hÉireann'