Tá dhá dhearcadh, dhá fhealsúnacht agus dhá ainmhí difriúil ag teacht le chéile i bPáirc an Chrócaigh inniu.
Ní hamhlaidh nár cheap ceachtar den dá dhream ná beidís i gcluiche ceannais na craoibhe i dtús na bliana agus ní dóigh liom go gceapann aoinne den mbeirt bhainisteoirí ná fuil sé dlite dóibh a bheith ann.
Ach tá dhá scéal éagsúil le hinsint acu beirt.
Nuair a chuaigh an Ghaillimh go dtí na seomraí feistis ag leatham in aghaidh Átha Cliath coicíos ó shin, ní raibh aon éachtaint i ndáiríre againn gurb iad a bheadh anseo os ár gcomhair arís inniu seachas na Dubs.
Bhí an Ghaillimh ceithre phointe chun deiridh, 0-11 le 0-7, iad ag luí ana-throm ar aimsiú agus ar mhíorúilteacht Shane Walsh sa chéad leath sin agus iad ag imirt a dtríú cluiche in imeacht ceithre lá dhéag. Ba ghearr gur léir dúinn go raibh Walsh ar leathchois, go raibh an captaen Seán Kelly ar leathsheol agus ná raibh a mbuille aimsithe ag an mbeirt is mó go mbeifí ag súil le scóranna uathu, Rob Finnerty agus Damien Comer.
Anuas air sin ar fad, bhí ualach na staire anuas sa mhullach ar an nGaillimh. Ní raibh ach dhá chluiche craoibhe caillte in imeacht deich mbliana ag Áth Cliath agus ní raibh buaite ag an nGaillimh orthu le deich mbliana is ceithre fichid.
Conas mar sin go bhfuil an Ghaillimh fós ina seasamh agus go bhfuil slán fágtha ag curaidh uile-Éireann leis an rás?
Tá roinnt cúiseanna leis, ní lú ina measc go bhfuil an Ghaillimh cruaite sa chath, chomh cruaite céanna is a bheadh cuid d’imreoirí Átha Cliath na linne seo. Leag Cillian McDaid a rian ar an imirt ó thús an dara leath le pointe breá ón gcaitheamh isteach agus bheadh sé i ndán don nGaillimh a mhacasamhail díreach de phointí a fháil ceithre bhabhta eile as san go dtí gur chuir pointe Johnny Heaney 0-16 le 0-15 chun tosaigh iad trí nóimeat ó dheireadh. Ní trí thimpiste ach de dhroim allais is an chleachtaidh a tharlaíonn a leithéid agus tá ealaín áirithe ag baint leis an innealtóireacht a ghabhann le gach pointe acu.
Ceann eile des na cúiseanna a bhí le bua na Gaillimhe ná cosantóirí óga ar nós Seán Mulkerrin, Johnny McGrath agus Jack Glynn a bheith chomh scoite chun oibre agus i nDylan McHugh, tá ceann de shárchosantóirí na bliana acu.
Níl aon mhóraíocht ag baint le oiread is imreoir amháin ag an nGaillimh agus seans gurb é John Maher an sampla is fearr atá acu den umhlaíocht is gá chun na ba a chur thar abhainn agus na lámha á sailiú arís is arís eile aige ar son na cúise.
Bhí ana-leibhéal á dhéanamh ar an gceiliúradh a dhein imreoirí agus lucht bainistíochta na Gaillimhe amuigh ar an bpáirc ar shéideadh na feadóige ach thuigfeá dóibh agus b’fhuraist a ngiodam agus a dteaspach a mhaitheamh dóibh. Bhí curaidh uile-Éireann cloíte agus gaisce déanta ainneoin a raibh de mhí-ádh gafa chuchu ó thús na bliana.
Beidh aithreachas go deo orthu anois, áfach, muna dtógfar ar na máithreacha atá leagtha síos agus muna sroichfidh an Ghaillimh an cluiche ceannais ag deireadh na míosa.
Ainmhí difriúil atá chuchu, fé mar a dúirt, mar más togra cúig bliana é seo ag Padraic Joyce agus a leathbhádóirí níl a sheana-pháirtí ollscoile, Jim McGuinness, ach i mbliain a haon dá thogra athnuachana agus athmhúscailt spride i nDún na nGall. Tá éirithe le fear na nGleanntach a chriú a stiúradh chomh fada le cluiche leathcheannais don gcéad uair le deich mbliana. Bhí mí-ádh leis an nGaillimh gan greim a fháil ar chorn Sam Mhig Uidhir dhá bhliain ó shin. Is é an diabhal ar fad ag Joyce é má éiríonn le McGuinness teacht de phreib thar oíche agus gach a bhfuil tógtha agus atógtha go foighneach is go tomhaiste aige féin a leagadh in aon tráthnóna Domhnaigh amháin.
Tá na huirlisí go léir ag McGuinness chun iarrachtaí na Gaillimhe a threascairt. Is giorriacha cearta iad Eoin Bán Gallagher, Ryan McHugh agus Peadar Mogan agus tá Brendan McCole ábalta smacht a choimeád ar an dtosaí is dainséaraí a bhraitheann McGuinness atá ag an nGaillimh. Is anseo, áfach, atá croí na ceiste agus fuascailt na faidhbe. Cé hé an tosaí is dainséaraí atá i láthair na huaire ag an nGaillimh?
Má bhíonn Shane Walsh ar fónamh, níl aon cheist fé ach gurb é siúd an buachaill. Cad fé Comer? An ndéanfaidh coicíos eile puinn difríochta dó? Tá scóranna móra curtha in airde ag Finnerty cheana i bPáirc a Chrócaigh ach dealraíonn sé ná fuil sé siúd, leis, ar fónamh. Is féidir brath ar Cillian McDaid chun cúpla pointe a aimsiú arís agus ní léir dom go bhfuil duine amháin ar leith ag Dún na nGall a chiúnóidh nó a mhaolóidh a lorg ar an imirt. An é seo an lá go dtosnóidh Matthew Tierney ag imirt chomh maith agus is féidir leis? An gá gurb é?
Tá ana-chuid ceisteanna faoin nGaillimh ach ní féidir liomsa an mhórcheist sin amháin atá fágtha agam fé Dhún na nGall a chur as m’intinn. An bhfuil oiread san de chlaochló tagtha orthu in imeacht bliana? Ní hea, ach an bhfuil oiread san d’fheabhas tagtha orthu óna dtaispeántas neamhanamúil in aghaidh Chorcaí ar Shatharn an Chomórtais Peile cois Laoi? B’fhéidir ná beadh sé i ndán don nGaillimh trí bháide a aimsiú ina gcoinne ach táid ag déanamh a ndóthain i gcluichí móra (in aghaidh Mhaigh Eo, Mhuineacháin agus Átha Cliath) ó thús na craoibhe chun a thabhairt le tuiscint gur féidir leo an claí deireanach a chur díobh chomh maith. Tar éis buachtaint ar na Dubs, ba é an diabhal ar fad é gan na Conallaigh a leagadh.
An Teanga Bheo
Sam siar go Gaillimh le bhur thoil a lads