Curiarracht ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha, bonn cré-umha buaite ag Daniel Wiffen

Tháinig gaiscíoch Ard Mhacha sa tríú háit sa rás ceannais sa snámh saorstíle 1500 méadar

Curiarracht ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha, bonn cré-umha buaite ag Daniel Wiffen

Tá an dara bonn Oilimpeach buaite ag an snámhaí as Ard Mhacha Daniel Wiffen.

Tháinig fear Ard Mhacha sa tríú háit sa rás ceannais sa snámh saorstíle 1500 méadar.

Fágann gaisce Wiffen go bhfuil seacht mbonn buaite ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, níos mó bonn ná mar a bhuaigh aon fhoireann Oilimpeach as an tír seo riamh. Na sé bhonn a bhuaigh Éire i Londain in 2012 an churiarracht a bhí ann go dtí tráthnóna inniu agus éacht Wiffen sa linn snámha.

Ní raibh sé istigh leis féin go hiomlán, ach d’éirigh le Wiffen an bonn cré-umha a bhuachan. Bhí sé chun deiridh ar Gregorio Paltrinieri na hIodáile sa dara háit agus Bobby Finke Stáit Aontaithe Mheiriceá a sháraigh an churiarracht dhomhanda chun an bonn óir a bhuachan i 14.30.67.

Mona McSharry agus Daniel Wiffen. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Chinntigh Kellie Harrington aréir go mbeadh bonn airgid ar a laghad aici nuair a cháiligh sí don bhabhta ceannais i rannóg 60kg na mban sa dornálaíocht. Fuair an tseaimpín Oilimpeach as Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Beatriz Ferreira na Brasaíle.

Bhuaigh an gleacaí Rhys McClenaghan bonn óir eile d’Éirinn inné nuair a tháinig  sé sa chéad áit sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr.

Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Thug gleacaí na hÉireann taispeántas a bhí beagnach gan locht agus scór 15.533 aige. Is é McClenaghan an chéad ghleacaí as Éirinn riamh a bhuaigh bonn ag na Cluichí Oilimpeacha.

Sa rámhaíocht bhuaigh Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy bonn óir i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear Dé hAoine seo caite. Ba é an dara bonn óir atá buaite ag an mbeirt Chorcaíoch, a rinne an gaisce céanna i dTóiceo trí bliana ó shin.

Is é an dara bonn óir atá buaite ag an mbeirt Chorcaíoch, a rinne an gaisce céanna i dTóiceo trí bliana ó shin.

Rhys McClenaghan Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Tá ainm O’Donovan sa Táin ar chúis eile freisin agus é ar an gcéad Éireannach riamh a bhuaigh bonn ag trí cinn de Chluichí Oilimpeacha.

Kellie Harrington. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

D’eirigh le beirt rámhaithe eile as Éirinn, Philip Doyle agus Daire Lynch, bonn cré-umha a bhuachan Déardaoin i gcomórtas bád beirte na bhfear.

Ba í Mona McSharry as Sligeach a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban sa La Défense Arena Dé Máirt seo caite.

Fág freagra ar 'Curiarracht ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha, bonn cré-umha buaite ag Daniel Wiffen'