1,500m idir Wiffen agus bonn óir eile sa linn snámha

Tháinig Daniel Wiffen slán sna babhtaí cáilithe sa snámh saorstíle 1,500m agus beidh sé anois ag iarraidh cur leis an mbonn óir a bhuaigh sé Dé Máirt sa caite sa rás 800m

1,500m idir Wiffen agus bonn óir eile sa linn snámha

Beidh súil le hAmhrán na bhFiann a chloisteáil arís san Arena La Défense i bPáras anocht agus fear órga na hÉireann, Daniel Wiffen ag glacadh páirt i mbabhta ceannais an chomórtais saorstíle 1500m.

Tháinig Wiffen slán sna babhtaí cáilithe agus beidh sé anois ag iarraidh cur leis an mbonn óir a bhuaigh sé Dé Máirt sa caite sa rás 800m. Is é Bobby Finke Mheiriceá, a chríochnaigh sa dara háit taobh thiar de Wiffen cúig lá ó shin, is mó a bheidh ag déanamh imní don Éireannach, cé go mbíonn an chuma ar Wiffen nach gcuireann tada isteach air.

D’fhéadfadh Rory McIlroy bonn a thabhairt leis freisin má bhíonn lá maith aige ar an gcúrsa ag Le Golf National. Ní raibh idir McIlroy agus bonn i dTóiceo ach buille amháin agus cé go mbíodh sé in amhras faoi na Cluichí Oilimpeacha tráth, tá a phort athraithe ó shin aige.

Rogha an Lae

Rás Ceannais 100m na bhFear

Níl an clú céanna ar na rábálaithe sa rás ráibe 100m is a bhíodh nuair a bhí Usain Bolt i mbarr a réime ach is é rás ceannais na bhfear ceann de mhór-imeachtaí na gCluichí Oilimpeacha go fóill agus is ann a gheobhaimid radharc ar na fir is tapúla ar domhan anocht.

Marcell Jacobs na hIodáile a bhuaigh an bonn óir i dTóiceo agus tá sé ag iarraidh é a bhuachan den dara huair as a chéile anocht, gaisce nach bhfuil déanta ach ag Bolt agus ag Carl Lewis.

Is é Naoh Lyleis as Stáit Aontaithe Mheiriceá curadh an domhain i láthair na huaire agus é i measc roghanna na coitiantachta ach bhí Ferdinand Omanyala ón gCéinia agus Kishane Thompson as Iamáice níos tapúla ná Lyles go dtí seo i mbliana.

Fág freagra ar '1,500m idir Wiffen agus bonn óir eile sa linn snámha'