Nuair a imríodh Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann ar an 18 Lúnasa 1974, ba bheagnach go bhféadfá a rá go raibh oiread de mo chairde ar pháirc na himeartha agus a bhí sa lucht féachana.
B’in an chéad uair ariamh ag Gaillimh agus ag Dún na nGall a chéile a imirt ag an staid áirithe sin den chomórtas – gan craobh a gcúige féin buaite ag na Conallaigh go dtáinig dhá bliain roimhe.
Níl sé de dhánaíocht ionam a rá go mba chúrsaí oideachais a d’fhág an scéal amhlaidh. Is fíor gur ar mheánscoil agus ar ollscoil a chas a mbunáite againn ar a chéile. Níl aon chall a dhul níos faide ná sin leis an scéal.
Bá iad lánchúlaí na Gaillimhe Seán Mac Coscair agus cosantóir Dhún na nGall Dónal Monaghan na heisceachtaí – bhí an Coscarach ina Gharda i mo cheantar dúchais ag an am agus chas an Muineachánach dom nuair a chaith mé píosa de bhliain ar deoraíocht i mBaile Dhún na nGall.
Más cúis iontais duit go raibh aithne agam ar aon duine eile as an gcontae sin, is fearr a mhíniú gur in Ollscoil na Gaillimhe a chas Máirtín Ó Cearnaigh as Béal Átha Seanaidh agus Pól Mac Eiteagáin as Leitir Ceanainn orm. D’imir siad beirt ar fhoirne an choláiste i gCorn Mhic Shigiúir, mar a rinne báireoir na Gaillimhe Gay Mitchell as an Dún Mór agus na tosaithe Emmet Ó Fearghaíl, Liam Ó Bradáin agus Seán Tóibín as Tuaim.
Ba ar an mbaile sin a fuair mé gach ar thug mé liom de mo chuid meánscolaíochta. Mar mhic léinn ansiúd freisin a bhí ceathrar eile d’imreoirí na Gaillimhe – Séamus Ó Duagáin, Cóilín Mac Donnchadha, Murchadha Mac Aodha agus Seosamh de Bhaldraithe.
Liosta é nár chuir mé le chéile ariamh ar an gcuma seo agus nach deas an rud é go bhfuil sé le rá 50 bliain dár gcionn go bhfuil siad ar fad ina mbeatha, buíochas le Dia, cé is moite den Mhuineachánach a bhásaigh in 2016.
Faoi 1974 ní raibh fágtha den fhoireann a bhuaigh na ‘trí Chraobh as a Chéile’ ach Ó Bradáin, Ó Duagáin agus Mac Donnchadha. Fós bhí blaiseadh Pháirc an Chrócaigh faighte ag bunáite na n-imreoirí eile, mar gur imir siad i gCluichí Ceannais na hÉireann 1971 agus 1973, cé go raibh buaite ag Uíbh Fhailí agus Corcaigh orthu iontu siúd.
Ba iad Seán Tóibín agus Micheál Ó Ruanaigh ab óige de na Gaillimhigh – boinn mhionúir agus Faoi 21 buaite acu beirt i 1970 agus 1972. Ógfhear téagartha ab ea Micheál, ach cabhail éadrom a bhí faoi fhear Thuama. Má ba ea féin, bhí lúth an damhsóra ina chosa agus scileanna dá réir san intinn pheile a bhí aige.
Bhí sin léirithe aige dhá bhliain roimhe agus é fós in aois mhionúir nuair a scóráil sé 1-9 in aghaidh Ros Comáin i gCraobh Shinsir Chonnacht i gcluiche comhscóir a raibh a fhoireann naoi gcúilín chun deiridh agus gan fanta acu naoi nóiméad.
Agus Craobh Uladh buaite acu den chéad uair ariamh i 1972 (Uíbh Fhailí a bhuaigh orthu i mBabhta Leathcheannais na hÉireann, 1-17 in aghaidh 2-10), tháinig Tír Eoghain aniar aduaidh ar Dhún na nGall i gcluiche leathcheannais Uladh 1973 i mBealach Féich.
D’imir laoch Ghaoth Dobhair, Néilí Jimí John Ó Gallchóir sa gcluiche sin 12 bliain tar éis dó imirt do Dhún na nGall den chéad uair. Bhí dhá chúilín scóráilte aige nuair a d’fhág buille fabhtach san ospidéal é agus gan caite ach ceathrú uaire.
Athrú poirt a bhí ann bliain dár gcionn ar an Ómaigh nuair a scóráil Néilí trí chúilín – scóráil ionadaí óg 22 bliain a raibh Micky Harte mar ainm air cúilín do Thír Eoghain. Séamas Mac Cnáimhsí a fuair ceithre cinn de na cúig chúl a bhí ag Dún nan Gall in aghaidh Aontroma sa mbabhta leathcheannais (5-9 in aghaidh 1-7). Scóráil Néilí trí chúilín sa gcluiche sin mar a rinne sé sa gcluiche ceannais in aghaidh an Dúin (ina measc an ceann comhscóir agus an t-am caite), agus ceann lena chois sin san athimirt.
Ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta i gColáiste Rinn Mhic Gormáin a bhí Pól Mac Eiteagáin nuair a cuireadh tús le Craobh Peile Uladh i 1974 agus dá bharr níor imir sé sna babhtaí ba thúisce.
Tháinig sé isteach mar ionadaí sa gcéad imirt in aghaidh an Dúin, choinnigh a áit don athimirt, mar a rinne i gCluiche Leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe.
Ar an 18 Lúnasa a imríodh sin. Agus an lucht leanta ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh tháinig an scéala go raibh 19 ball den IRA éalaithe as príosún Phort Laoise tar éis dóibh geataí a bhriseadh le pléascáin.
Níor bhaol do gheataí an cheannárais – beagán faoi bhun 34,000 a bhí i láthair go bhfeicfeadh siad an bhféadfadh Dún na nGall an babhta craoibhe a shroichint den chéad uair ariamh nó arbh iad na Gaillimhigh a gheobhadh an deis den tríú huair le ceithre bliana.
80 nóiméad a bhíodh cluichí craoibhe na linne. Thug na cinn ba thúisce acu sin a facthas le fios go raibh Gaillimh lena bhuachan mar ba thoil leo – farasbarr seacht gcúilín acu tar éis don Tóibíneach cúl a scóráil san 11ú nóiméad. Cuir leis sin gur fhág gortuithe go raibh ar Bhrian Mac Con Duibh (cosantóir Dhún na nGall agus a mbainisteoir) agus ar Shéamus Mac Cnáimhsí imeacht den pháirc.
An cruinneas bhí ag Néilí Ó Gallchóir as na ciceanna saora ba mhó a choinnigh iadsan san imirt. Bhí cúl scóráilte ag Ó Cnáimhsí sular gortaíodh é, ceann ag Cóilín Mac Donnchadha do Ghaillimh agus faoin am ar séideadh feadóg leath ama, ní raibh idir na foirne ach ceithre chúilín, Gaillimh 2-7, Dún na nGall 1-6.
Agus gan fanta ach 20 nóiméad bhí cúl eile scóráilte ag Tóibín agus tús naoi gcúilín ag a fhoireann (3-11, 1-8).
Ach bhí na Conallaigh sa mbád céanna in aghaidh an Dúin san athimirt ar Chluiche Ceannais Uladh cúpla seachtain roimhe sin agus choinnigh siad guaim orthu féin i bPáirc an Chrócaigh mar a rinne siad ar an Ómaigh.
Choinnigh Néilí air ag aimsiú na gciceanna saora – naoi gcinn ar fad go dtí nach raibh idir na foirne ach aon chic amháin den liathróid. Ar an drochuair dóibhsean, níor facthas an cúl sin agus ba iad na cúilíní a fuair an Bradánach agus Tomás Ó Neachtain do Ghaillimh a chríochnaigh an imirt.
Gaillimh 3-13 Dún nan Gall 1-14.
Fág freagra ar 'An chéad uair ar imir Gaillimh agus Dún na nGall i gcluiche leathcheannais na hÉireann'