Spreag ar tharla nuair a champáil iarrthóirí tearmainn ar feadh ceithre lá sa cheantar ina bhfuil cónaí ar an scríbhneoir na tuairimí go léir sa cholún seo. Léirigh teacht agus imeacht na n-eachtrannach idir neart agus laige i gcur chuige an phobail agus na n-údarás.
Cé nach ionann campáil ar bhruach canálach ar feadh ceithre lá agus dídean i mbuan-ionad cónaithe, tharraing scéal Bhaile Phib aird ar fhíricí nach dtuigtear nó a shéantar scaití agus cúrsaí inimirce á bplé.
Tarraingíodh aird ar chuid de na fíricí sin sna breithiúnais thábhachtacha san Ard-Chúirt i rith na seachtaine i gcásanna a bhain le dídean d’iarrthóirí tearmainn.
Rialaíodh i gcás amháin, ar iarratas Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC), nach bhfuil an stát ag fóirithint mar ba chóir ar bhunriachtanais iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Tá a mbunchearta á sárú, a dúirt an Breitheamh Barry O’Donnell.
Sa chás eile, a phléitear thíos, rialaíodh nach raibh aon cheart dlíthiúil ag pobal bac a chur ar lonnú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.
Léirigh an dá bhreithiúnas cuid de na fíricí a shéantar rómhinic nó nach gcuirtear san áireamh in aon chor. Seo deich gcinn.
- Ní féidir iarrthóirí tearmainn a choinneáil amach as an tír. Níl doras ar fáil a bhféadfaí é a dhúnadh chun iarrthóirí tearmainn a choinneáil amach as an oileán, ná as an stát.
Ní féidir daoine a ruaigeadh as an stát ach oiread má dhiúltaítear dá n-iarratais, mura bhfuil stát eile toilteanach glacadh leo. Níl ciall mar sin le héilimh go gcoiscfí nó go gcuirfí srian ar theacht na n-inimirceach, nó gur chóir iad a dhíbirt gan mhoill.
- Is léir ó na figiúirí mar sin féin an feabhas a theastaíonn ar an gcóras a bhreithníonn iarratais agus ar fhoilsiú faisnéise faoi fheidhmiú an chórais.
D’iarr 5,197 duine tearmann sa stát anuraidh agus diúltaíodh ar an gcéad éisteacht do bheagnach 60% dá n-iarratais.
Eisíodh 948 ordú díbeartha in 2023. Chuir na Gardaí132 ordú i bhfeidhm de réir an chuntais a thug an tAire Helen McEntee sa Dáil i mí Aibreáin.
D’fhág 213 duine an stát go deonach, ach níl a fhios ag an Roinn Dlí agus Cirt cá bhfuil formhór na ndaoine eile ar diúltaíodh dá n-iarratais.
- Ní réitíonn díbirt inimirceach ó áit go háit fadhb ar bith, go háirithe nuair nach mbíonn aon rogha ag iarrthóir tearmainn ach puball a chur suas ar bhruach canálach nó i bpáirc. Bhí thart ar 259 fear a bhí ag iarraidh tearmainn gan dídean sa stát ag deireadh na bliana seo caite. Tá 2,352 gan dídean faoi láthair.
- Oireann sé do na hantoiscigh a rá gur ar iarrthóirí tearmainn atá an milleán go bhfuil Éireannaigh i gcruachás nó i mbaol – nó go mbeidh siad má chuirtear dídean áitiúil ar fáil dóibh.
Ar ndóigh bíonn cúis réasúnta imní ag pobail áirithe ina mbeartaítear soláthar dídine d’eachtrannaigh, ach tá leas á bhaint ag na hantoiscigh as seanchleas dainséarach. Níl fianaise ar bith ar fáil a léiríonn mar shampla go n-ionsaíonn níos mó fir ón iasacht ná fir as Éirinn mná ach ní chuireann easpa fianaise as do na hantoiscigh.
- Tá eagar éifeachtach ar líne ar ghrúpaí a bhaineann leas as míshuaimhneas i gceantair ina moltarionad dídine a lonnú chun teannas agus fuath a chothú, chun Gardaí a ionsaí agus chun foirgnimh a chur trí thine. Níl gach dream a théann i mbun agóide freagrach as a leithéid ach níl cuid acu gan locht.
Ní leasc leis na hantoiscigh bréaga, bréagaisnéis agus ráflaí a scaipeadh le cabhrú lena gcás. Faraor, níl córas ná modh oibre aimsithe ag na húdaráis chun chur ina gcoinne.
- Is fusa bóthar a bhlocáil, foirgneamh a chur trí thine, nó cloch a chaitheamh le Garda ná polasaí casta, costasach agus inchreidte a chur i bhfeidhm. Is fusa freisin faitíos a chur ar dhaoine, agus leas a bhaint as an idirlíon chun bagairt orthu.
Tugann agóidíocht – nó chun a bheith níos beaichte imeaglú – taobh amuigh de theach an Taoisigh agus de thithe ionadaithe tofa eile, agus gan dlí nua a bheith rite fós chun bac a chur ar a leithéid, le fios go bhfuil an lámh in uachtar ag na hantoiscigh.
Tá sé thar am bagairt oscailte dá leithéid a chosc, agus an dlí a neartú chun bagairt ar líne, go háirithe, a shrianadh.
- Tá mionlach nach beag sa tír a chreideann teoiricí comhcheilge. Mar shampla, dúirt 22% de na vótálaithe a ceistíodh mar chuid de shuirbhé a rinne Red C thar ceann an Choimisiúin Toghcháin gur chreid siad gur theastaigh breis inimirce ó fheidhmeannaigh thofa (mar a thug an suirbhé ar airí rialtais) ionas go mbeadh ‘vótálaithe géilliúla’ sa tír.
Ní féidir daoine a chreideann raiméis dá leithéid a shásamh, ach is fiú iarracht a dhéanamh a líon a laghdú.
- Spreagann lonnú ionaid d’iarrthóirí tearmainn gearáin réasúnta uaireanta ó dhaoine a bhfuil imní réasúnta orthu faoin tionchar a bheadh ag ionad ar chúrsaí gnó nó ar thurasóireacht.
Sin ráite, áfach, ní féidir an dlí a chur i leataobh mar gheall ar ghearáin. Mar a mhínigh an Breitheamh David Holland san Ard-Chúirt Déardaoin agus iarratas ex parte go gcuirfí stop le lonnú iarrthóirí tearmainn i nDún Droma á dhiúltú aige.
Ní raibh aon cheart ag pobal, a dúirt an Breitheamh, veto a chur ar dhaoine a bheadh ina gcónaí ina measc ná aon cheart ach oiread iad a sheiceáil. Tugadh le fios i ráitis a cuireadh faoina bhráid gur mó seans gur buirgléir é iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ná daoine eile ach dúirt an Breitheamh Holland nár ghéill sé in aon chor don áitiú sin.
- Taobh amuigh de chorr-ionadaí áitiúil, seachnaíonn formhór na bpolaiteoirí achrainn a spreagann caint ar bhunú ionaid nua d’iarrthóirí tearmainn. Ní haon iontas é gur le súil áitiúil a bhreathnaíonn siad ar gach conspóid. Ní réiteoidh mífhreagracht ná áitiúlachas ná seachantacht an fhadhb atá le réiteach, áfach: conas dídean a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn ar bhonn cinnte cothrom ionas nach gceapfar go bhfuil róbhrú ar cheantair áirithe.
- Níl aon bhaint dhíreach ag soláthar dídine d’iarrthóirí tearmainn le soláthar tithíochta do shaoránaigh. Sin ráite, neartódh polasaí inchreidte a chuirfeadh béim ar thithíocht éigeandála d’Éireannaigh tarraingteacht pháirtí ar bith a d’fhógródh a leithéid roimh an olltoghchán – dá mbeidís ábalta a chur ina luí ar an bpobal go gcuirfí i bhfeidhm é gan rómhoill.
- Ní gan stró, ná ar an gcaighdeán céanna, a chuirfear dídean ar fáil d’iarrthóirí tearmainn agus d’Éireannaigh. Ach ní bheidh saol polaitiúil an stáit folláin go dtí go léiríonn ár bpáirtithe toil aghaidh a thabhairt ar an dá dhúshlán in éineacht, agus ar an bhfírinne lom a shéantar rómhinic.
Ian Ó’Dochartaigh
Alt siosmaideach agus ciallmhar. Comhghairdeas.
Máire Ní Annracháin
Alt den scoth.
Soiléir agus cuimsitheach.
alan titley
mo ghreidhn thú! mé ag coinne le freagra ó lucht na ngnáthleithscéalta.
Eamonn Mac Niallais
Alt an mhaith. Is fearr cloí leis an fhírinne i gcónaí agus gan géilleadh do na bréaga nó an ‘Trumpism’.