Dála cluiche ceannais na seachtaine seo caite, beidh nuaíocht ag baint leis an té a bhéarfaidh Corn Brendan Martin leo tráthnóna toisc go bhfuil bliain is tríocha ó bhuaigh Ciarraí an chraobh agus fiche bliain díreach ó bhuaigh an Ghaillimh an t-aon chraobh amháin atá acu siúd.
Ainneoin na nuaíochta seo agus ainneoin ná fuil oiread is bonn uile-Éireann amháin ina seilbh ag aon imreoir a bheidh ag dul chun páirce tráthnóna, ní haon fhás aon oíche aon cheann den dá fhoireann. Bhí an Ghaillimh, agus cuid d’imreoirí an lae inniu ina measc, anseo cheana nuair a fuair Áth Cliath, agus iad i mbarr a réime, an lámh in uachtar orthu in 2019 agus is geall le dráma dúghrinn iarrachtaí Chiarraí a ngreim a fháil ar an gcorn le trí bliana anuas.
Measadh an dtaca seo anuraidh go raibh a rás rite, a bport seinnte agus deireadh déanta ag bainistíocht Chiarraí agus ní raibh aon chinnteacht ann ach an oiread go mbeadh cuid des na himreoirí is buaine agus is sinsearaí ar an bpainéal thar n-ais do bhiaiste 2024.
Is gearr, áfach, go dtuigeadh, agus an geimhreadh ag teannadh leo, gur fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint id’ dhiaidh. Seachas Louise Galvin agus Emma Sherwood, tá an uile dhuine fillte ar an bhfód don iarracht amháin deireanach ar barra cruaiche in 2024.
Níl aon fhianaise bhreise againn ó thaispeántaisí na sraithe is craoibhe go nuige seo áfach, go bhfuil feabhas gurbh fhiú trácht air tagtha ar Chiarraí. Seachas éachtaintí beaga fánacha, n’fheadar an bhfuil an feabhas san le feiscint a chinnteodh gur i mbarra cruaiche a bheidh siad tráthnóna. B’fhéidir, áfach, gur ins na héachtaintí beaga sin atá an 1% anseo is ansiúd a dhéanfaidh an difríocht ná raibh ann anuraidh in aghaidh na Dubs agus an bhliain roimis sin i gcoinne na Mí.
Tá sé le tabhairt fé ndeara ón gcéad chluiche craoibhe i mbliana in aghaidh Thiobraid Árann i gCill Airne go bhfuil Danielle O’Leary meáite ar chuid den ualach a bhaint d’imreoir na bliana seo caite, Louise Ní Mhuircheartaigh.
Bhí gá le roinnt an ualaigh toisc gur léir ná fuil a buille aimsithe i gceart go fóill i mbliana ag bean na Gaeltachta. Tar éis na mblianta fada ag tógaint freagrachta as an uile ghluaiseacht chun tosaigh, ag iarraidh na haon iomaire a threabhadh agus na haon tráigh a fhreastal, níltear ag súil leis na míorúiltí céanna a thuilleadh ón Muircheartach agus b’fhéidir gur fearr san dí féin agus dá comrádaithe sna tosaithe.
Cad eile atá athraithe i mbliana? Bhuel tar éis a raibh d’uisce scaoilte isteach ó lár a’ ghoirt i gcluiche ceannais na bliana seo caite, tá Louise Galvin éirithe as agus tá a páirtí i lár an gharraí, Lorraine Scanlon, fágtha ar an dtaobhlíne d’fhormhór na gcluichí craoibhe agus is ann a bheidh sí arís tráthnóna. In áit na beirte, tá Anna Galvin, bean a thugann a bhfuil inti don gcúis i gcónaí, agus Mary O’Connell, atá fuascailte i ndiaidh a gortuithe agus ag imirt le i bhfad níos mó muiníne ná mar a bhíodh.
Ní hiad Jennifer Dunne agus Eilish O’Dowd a bheidh rompu tráthnóna ach tabharfaidh Máiréad Glynn agus Ailbhe Davoren dúshlán eile ó thaobh intleachta caide agus ní bheidh aon easpa iomrascála ann ach an oiread.
Cúis eile atá ag Ciarraí gan a bheith ag breith chuchu féin oiread is a bhí an dtaca seo anuraidh ná go bhfuil captaen na bliana 2023, Síofra O’Shea, thar n-ais ar a seana-léim tar éis di an ballnasc croiseach a stracadh. Tugann bean Uíbh Ráthaigh socracht agus stuaim don bhfoireann nuair is mó a bhíonn sé ag teastáil.
Le O’Connell, O’Shea, Deirdre Kearney, Aoife Dillane agus Emma Dinneen ag tosnú, is geall le foireann nua iad Ciarraí agus foireann ná fuil tar éis luí amach orthu féin oiread agus a bhí anuraidh ag déanamh ar an gcluiche ceannais.
N’fheadar an leor é, áfach, chun buachtaint ar an nGaillimh atá ag teacht le ceann des na tréithe is mó a bheadh ag teastáil uait agus tú ag déanamh ar an dtástáil mhór – gaoth sna seolta.
Má tá Ciarraí athnuaite tar éis na bliana seo caite, is geall le dhá fhoireann éagsúil ar fad laistigh d’aon bhiaiste amháin iad foirne sraithe agus craoibhe na Gaillimhe.
Ní thabharfá leathphingin ar fheachtas sraithe na Gaillimhe agus iad ag titim ó Roinn 1 go Roinn 2 níos luaithe i mbliana ach, i ngan fhios don uile dhuine ach iad féin, bhíodar ag tógaint, ag cur is ag cúiteamh, ag saoirseacht is ag ionramháil d’fhonn teacht ar an múnla is fearr a oirfeadh dóibh féin. De réir a chéile a tógadh na caisleáin.
Bhíodar ag máinneáil leo go breá réidh nó go gcuireadar de dhroim seoil Áth Cliath, curadh uile-Éireann, ar a bpaiste féin tar éis am breise an mhí seo caite. Le Nicola Ward ag seasamh go tréan sa bhearna bhaoil, a deirfiúr Louise ag síor-ionsaí ar an ndaichead slat, Olivia Divilly ag iompar na caide go tiarnúil taobh léi agus Róisín Leonard ag aimsiú 2-3, léirigh an Ghaillimh sprid dhochloíte agus leibhéal aclaíochta as an ngnáth chun na Dubs a cheansú.
Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chorcaí coicíos ó shin, níor éirigh ach le triúr – Divilly, Leonard agus a gcaptaen, Ailbhe Davoren, scóranna a chlárú don nGaillimh ach bhíodar compordach a ndóthain ar feadh tréimhsí fada sa chluiche céanna.
Ní dócha go bhféadfadh Ciarraí a leithéid a rá faoina mbua siúd ar Ard Mhacha, ceann des na cluichí ba leimhe a bhí le fada acu de bharr na múnlaí cosanta a bheith sa treis agus scóranna a bheith tearc go maith dá bharra.
Bí deimhneach go bhfuil sé braite ag an nGaillimh ná taitníonn an stíl seo le Ciarraí agus tá fianaise againn go dteipeann ar dhánaíocht Chiarraí nuair a bhíonn an chosaint eagraithe agus córasach i bPáirc a’ Chrócaigh. I gcluiche ceannais na bliana 2022 níor éirigh le Ciarraí aon scór a aimsiú ón 35ú nóimeat amach, agus i gcluiche ceannais na bliana seo caite, ba í Niamh Carmody an t-aon duine de na tosaithe, taobh amuigh de Louise Ní Mhuircheartaigh, ar éirigh léi scór ón imirt a fháil.
Más tuilleadh fianaise atá uait ar an stailc a chuireann Ciarraí suas in aghaidh na gcóras cosanta ní gá ach féachaint ar an gcéad bhabhta sna grúpaí a bhí níos luaithe i mbliana acu in aghaidh Dhún na nGall i mBealach Féich. Bhí Ciarraí ag brath an lá úd ar Niamh Carmody agus Anna Galvin chun pointí a aimsiú ó i bhfad amach agus beidh siad ag súil nach amhlaidh a bheidh arís inniu. Ní mhairfidh said ar an mbeagán agus ní leor ciceanna fada gan éifeacht nuair a táthar ag iarraidh clár an scóir a choimeád ag bogadh.
Tá lucht leanúna Chiarraí scólta chomh minic ar an lá mór go bhfuilid ábhar támáilte ag tabhairt fé arís i mbliana ach caithfidh said féin agus a bhfoireann an támáilteacht sin a chur díobh agus iad ag tabhairt fé fhoireann atá tar éis breith ar ghála gaoithe ar a slí go Páirc a’ Chrócaigh.
Más féidir leis an nGaillimh na cúil a cheilt ar Chiarraí mar a dheineadar le Corcaigh agus Maigh Eo, más féidir leo dul i dtaithí ar an nglam a bheidh ina gcluasa mar a bhí le dhá bhliain anuas ag Ciarraí, más féidir leo cic amach Chiara Butler a chnagadh go rialta agus más féidir leo a chinntiú nach bhfágfaidh ionadaithe Chiarraí – Hannah O’Donoghue, Lorraine Scanlon, Cáit Lynch agus Amy Harrington – aon rian ar an imirt ar theacht isteach dóibh, beidh ana-sheans acu a ndara craobh riamh a bhuachtaint.
Is má ana-mhór na haon cheann acu san, áfach, agus ar an mbonn sin amháin, measaim go mbeidh a ndara craobh déag ag Ciarraí tar éis feitheamh breis is tríocha bliain.
Fág freagra ar 'De réir a chéile a tógadh na caisleáin i gCiarraí agus sa Ghaillimh '